1. Is é cuspóir an Rialacháin seo cur in úsáid buanaistrithe carbóin, feirmeoireachta carbóin agus stórála carbóin i dtáirgí a éascú d’oibreoirí nó grúpaí oibreoirí agus iad a spreagadh na nithe sin a chur in úsáid, mar chomhlánú ar laghduithe inbhuanaithe astaíochtaí ar fud na n-earnálacha uile chun na cuspóirí agus na spriocanna a leagtar síos i Rialachán (AE) 2021/1119 a bhaint amach. Chuige sin, leis an Rialachán seo bunaítear creat deonach de chuid an Aontais chun aistrithe carbóin agus laghduithe astaíochtaí ithreach a dheimhniú trí na nithe seo a leanas a leagan síos:
|
(a)
|
critéir cháilíochta le haghaidh gníomhaíochtaí a tharlaíonn san Aontas;
|
|
(b)
|
rialacha maidir le fíorú agus deimhniú aistrithe carbóin agus laghduithe astaíochtaí ithreach arna nginiúint ag gníomhaíochtaí;
|
|
(c)
|
rialacha maidir le scéimeanna deimhniúcháin a fheidhmiú agus iad a bheith á n-aithint ag an gCoimisiún;
|
|
(d)
|
rialacha maidir le haonaid dheimhnithe a eisiúint agus a úsáid.
|