+Airteagal 4 Cainníochtú
---+Airteagal 4 1
---+Airteagal 4 2
---+Airteagal 4 3
---+Airteagal 4 4
---+Airteagal 4 5
---+Airteagal 4 6
---+Airteagal 4 7
---+Airteagal 4 8
---+Airteagal 4 9
---+Airteagal 4 10
---+Airteagal 4 11
---+Airteagal 4 12
---+Airteagal 4 13

Airteagal 4 Cainníochtú

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 4 1

1.   Le gníomhaíocht buanaistrithe carbóin, soláthrófar glantairbhe buanaistrithe carbóin, a dhéanfar a chainníochtú trí úsáid a bhaint as an bhfoirmle seo a leanas:

glantairbhe buanaistrithe carbóin = ACbonnlíne – ACiomlán – GCTbainteach > 0,

i gcás inarb amhlaidh:

(a)

is é ACbonnlíne méid na n-aistrithe carbóin faoin mbonnlíne;

(b)

is é ACiomlán méid iomlán aistrithe carbóin na gníomhaíochta;

(c)

is é GCTbainteach an méadú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa díreacha agus indíreacha in imeacht shaolré iomlán na gníomhaíochta atá inchurtha i leith chur chun feidhme na gníomhaíochta, lena n-áirítear athrú indíreach ar an talamhúsáid, arna ríomh, i gcás inarb infheidhme, i gcomhréir leis na prótacail a leagtar amach i dTreoirlínte 2006 IPCC d’Fhardail Náisiúnta Gás Ceaptha Teasa agus aon mhionchoigeartú breise ar na Treoirlínte 2006 IPCC sin.

Airteagal 4 2

2.   Le gníomhaíocht feirmeoireachta carbóin soláthrófar glantairbhe aistrithe carbóin sealadach nó glantairbhe laghdaithe astaíochtaí ithreach, a dhéanfar a chainníochtú trí na foirmlí seo a leanas a úsáid:

(a)

glantairbhe aistrithe carbóin sealadach = ACbonnlíne – ACiomlán – GCTbainteach > 0,

i gcás inarb amhlaidh:

(i)

is é ACbonnlíne méid na n-aistrithe carbóin faoin mbonnlíne;

(ii)

is é ACiomlán méid iomlán aistrithe carbóin na gníomhaíochta aistrithe carbóin;

(iii)

is é GCTbainteach an méadú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa díreacha agus indíreacha in imeacht shaolré iomlán na gníomhaíochta atá inchurtha i leith chur chun feidhme na gníomhaíochta, lena n-áirítear athrú indíreach ar an talamhúsáid, arna ríomh, i gcás inarb infheidhme, i gcomhréir leis na prótacail a leagtar amach i dTreoirlínte 2006 IPCC d’Fhardail Náisiúnta Gás Ceaptha Teasa agus aon mhionchoigeartú breise ar na Treoirlínte 2006 IPCC sin;

(b)

glantairbhe laghdaithe astaíochtaí ithreach = AILbonnlíne — AILiomlán + AITbonnlíne — AITiomlán — GCTbainteach > 0,

i gcás inarb amhlaidh:

(i)

is é AILbonnlíne an méid astaíochtaí ithreach LULUCF faoin mbonnlíne;

(ii)

is é AILiomlán méid iomlán astaíochtaí ithreach LULUCF na gníomhaíochta;

(iii)

is é AITbonnlíne méid na n-astaíochtaí ithreach talmhaíochta faoin mbonnlíne;

(iv)

is é AITiomlán méid iomlán astaíochtaí ithreach talmhaíochta na gníomhaíochta;

(v)

is é GCTbainteach an méadú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa díreacha agus indíreacha in imeacht shaolré iomlán na gníomhaíochta atá inchurtha i leith chur chun feidhme na gníomhaíochta, lena n-áirítear athrú indíreach ar an talamhúsáid, arna ríomh, i gcás inarb infheidhme, i gcomhréir leis na prótacail a leagtar amach i dTreoirlínte 2006 IPCC d’Fhardail Náisiúnta Gás Ceaptha Teasa agus aon mhionchoigeartú breise ar na Treoirlínte 2006 IPCC sin.

Comhfhreagraíonn raon feidhme na gcainníochtaí dá dtagraítear in ACbonnlíne agus ACiomlán do ghlanaistrithe gás ceaptha teasa a áirítear i raon feidhme Rialachán (AE) 2018/841.

Comhfhreagraíonn raon feidhme na gcainníochtaí dá dtagraítear in LSEbonnlíne agus LSEiomlán do na glanastaíochtaí gás ceaptha teasa ó linnte carbóin bithghineacha mar a liostaítear i Roinn B, pointí (e) agus (f), d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/841.

Comhfhreagraíonn raon feidhme na gcainníochtaí dá dtagraítear in ASEbonnlíne agus ASEiomlán do na hastaíochtaí ó chatagóir foinse IPCC ‘an talmhaíocht’, fochatagóir 3.D ‘ithreacha talmhaíochta’.

Airteagal 4 3

3.   Leis na modheolaíochtaí deimhniúcháin is infheidhme, ceanglófar miondealú de réir gás ceaptha teasa ar na cainníochtaí go léir dá dtagraítear i mír 2.

Airteagal 4 4

4.   Má thagann méadú ar astaíochtaí ithreach mar thoradh ar ghníomhaíocht a mbíonn aistriú carbóin sealadach tríd an bhfeirmeoireacht carbóin mar thoradh uirthi, déanfar iad a chainníochtú agus a chur san áireamh sa ghlantairbhe aistrithe carbóin. Go háirithe, déanfar astaíochtaí ó linnte carbóin bithghineacha mar a liostaítear i Roinn B, pointí (e) agus (f), d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/841 a chainníochtú agus a thuairisciú mar chuid de ACiomlán, agus déanfar astaíochtaí ó chatagóir foinse IPCC ‘an talmhaíocht’, fochatagóir 3.D ‘ithreacha talmhaíochta’, a chainníochtú agus a thuairisciú mar astaíochtaí GCTbainteach.

Má thagann laghdú ar astaíochtaí ithreach mar thoradh ar ghníomhaíocht a mbíonn aistriú sealadach carbóin tríd an bhfeirmeoireacht carbóin mar thoradh uirthi, déanfar iad a chainníochtú, a thuairisciú agus a chur san áireamh mar ghlantairbhe laghdaithe astaíochtaí ithreach.

I gcás ina mbíonn glantairbhe aistrithe carbóin agus glantairbhe laghdaithe astaíochtaí ithreach araon ann mar thoradh ar ghníomhaíocht, sonrófar sa mhodheolaíocht ábhartha na rialacha leithdháilte maidir leis na hastaíochtaí gás ceaptha teasa díreacha agus indíreacha bainteacha atá inchurtha i leith na gníomhaíochta sin.

Airteagal 4 5

5.   Le gníomhaíocht stórála carbóin i dtáirgí, soláthrófar glantairbhe aistrithe carbóin sealadach, a dhéanfar a chainníochtú trí úsáid a bhaint as an bhfoirmle seo a leanas:

glantairbhe aistrithe carbóin sealadach = ACbonnlíne – ACiomlán – GCTbainteach > 0,

i gcás inarb amhlaidh:

(a)

is é ACbonnlíne méid na n-aistrithe carbóin faoin mbonnlíne;

(b)

is é ACiomlán méid iomlán aistrithe carbóin na gníomhaíochta stórála carbóin i dtáirgí;

(c)

is é GCTbainteach an méadú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa díreacha agus indíreacha in imeacht shaolré iomlán na gníomhaíochta atá inchurtha i leith chur chun feidhme na gníomhaíochta, lena n-áirítear athrú indíreach ar an talamhúsáid, arna ríomh, i gcás inarb infheidhme, i gcomhréir leis na prótacail a leagtar amach i dTreoirlínte 2006 IPCC d’Fhardail Náisiúnta Gás Ceaptha Teasa agus aon mhionchoigeartú breise ar na Treoirlínte 2006 IPCC sin.

Airteagal 4 6

6.   Tabharfar comhartha diúltach (–) do chainníochtaí dá dtagraítear i míreanna 1 go 5 más glanaistrithe gás ceaptha teasa iad agus tabharfar comhartha deimhneach (+) dóibh más glanastaíochtaí gás ceaptha teasa iad; déanfar iad a shloinneadh i dtonaí de choibhéis CO2.

Airteagal 4 7

7.   Déanfar buanaistrithe carbóin, aistrithe sealadacha carbóin tríd an bhfeirmeoireacht carbóin agus stóráil carbóin i dtáirgí, laghduithe astaíochtaí ithreach agus astaíochtaí gás ceaptha teasa bainteacha a chainníochtú ar bhealach atá ábhartha, coimeádach, cruinn, iomlán, comhsheasmhach, trédhearcach agus inchomparáide, i gcomhréir leis an bhfianaise eolaíoch is déanaí atá ar fáil. Beidh an faireachán bunaithe ar theaglaim iomchuí de thomhais ar an láthair le cianbhraiteacht nó samhaltú i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach sna modheolaíochtaí deimhniúcháin is infheidhme.

Airteagal 4 8

8.   Beidh an bhonnlíne dá dtagraítear i míreanna 1, 2 agus 5 an-ionadaíoch ar fheidhmíocht chaighdeánach cleachtas agus próiseas inchomparáide in imthosca comhchosúla sóisialta, eacnamaíocha, comhshaoil, teicneolaíocha agus rialála agus cuirfear san áireamh iontu an comhthéacs geografach, lena n-áirítear dálaí áitiúla peidichlíomacha agus rialála (‘bonnlíne chaighdeánaithe’).

Airteagal 4 9

9.   Bunóidh an Coimisiún an bhonnlíne chaighdeánaithe sna modheolaíochtaí deimhniúcháin is infheidhme a leagtar amach sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 8.

Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú gach 5 bliana ar a laghad ar an mbonnlíne chaighdeánaithe agus, i gcás inarb iomchuí, tabharfaidh sé cothrom le dáta í i bhfianaise na n-imthosca rialála atá ag teacht chun cinn agus i bhfianaise na fianaise eolaíche is déanaí atá ar fáil. Ní bheidh feidhm ag an mbonnlíne chaighdeánaithe nuashonraithe ach amháin maidir le gníomhaíocht a dtosaíonn a tréimhse ghníomhaíochta tar éis theacht i bhfeidhm na modheolaíochta deimhniúcháin is infheidhme.

Airteagal 4 10

10.   De mhaolú ar mhír 8, i gcás ina bhfuil údar cuí leis sa mhodheolaíocht deimhniúcháin is infheidhme, lena n-áirítear mar gheall ar easpa sonraí nó toisc nach bhfuil go leor gníomhaíochtaí inchomparáide ann, úsáidfidh an t-oibreoir bonnlíne a chomhfhreagraíonn d’fheidhmíocht aonair gníomhaíochta sonraí (‘bonnlíne a bhaineann go sonrach le gníomhaíocht’).

Airteagal 4 11

11.   Déanfar na bonnlínte a bhaineann go sonrach le gníomhaíocht a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta, ag tús gach tréimhse gníomhaíochta, mura sonraítear a mhalairt sna modheolaíochtaí deimhniúcháin is infheidhme a leagtar amach sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 8.

Airteagal 4 12

12.   Agus cainníochtú á dhéanamh ar bhuanaistrithe carbóin, aistrithe carbóin sealadacha tríd an bhfeirmeoireacht carbóin agus stóráil carbóin i dtáirgí, agus laghduithe astaíochtaí ithreach, cuirfear éiginnteachtaí san áireamh ar bhealach coimeádach agus i gcomhréir le cineálacha cur chuige staidrimh aitheanta. Déanfar éiginnteachtaí a thagann chun cinn agus cainníochtú á dhéanamh ar aistrithe carbóin agus laghduithe astaíochtaí ithreach a thuairisciú go cuí.

Airteagal 4 13

13.   Chun tacú le cainníochtú aistrithe carbóin sealadacha agus laghduithe astaíochtaí ithreach a ghintear le gníomhaíocht feirmeoireachta carbóin, baileoidh an t-oibreoir nó an grúpa oibreoirí, i gcás inarb indéanta, sonraí maidir le haistrithe carbóin agus astaíochtaí gás ceaptha teasa bunaithe ar úsáid mhodheolaíochtaí leibhéal 3 i gcomhréir le Treoirlínte 2006 IPCC d’Fhardail Náisiúnta Gás Ceaptha Teasa agus na mionchoigeartuithe ar na Treoirlínte 2006 IPCC sin, agus ar bhealach atá comhoiriúnach le fardail náisiúnta gás ceaptha teasa faoi Rialachán (AE) 2018/841 agus faoi Chuid 3 d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1999.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 06.12.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R3012
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.