+Airteagal 12 1

Airteagal 12 1

1.   Bunóidh an Coimisiún faoin 27 Nollaig 2028, clárlann de chuid an Aontais le haghaidh buanaistrithe carbóin, feirmeoireacht carbóin agus stóráil carbóin i dtáirgí, agus déanfaidh sé í a choinneáil ar bun mar is cuí ina dhiaidh sin, chun an fhaisnéis a bhaineann leis an bpróiseas deimhniúcháin a chur ar fáil go poiblí ar bhealach inrochtana, ina bhfuil, ar a laghad, an fhaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn III.

Agus clárlann an Aontais á bunú aige, cuirfidh an Coimisiún na tuarascálacha dá dtagraítear in Airteagal 30(5), pointe (a), de Threoir 2003/87/CE agus in Airteagal 17(3) de Rialachán (AE) 2018/841 san áireamh.

Úsáidfidh clárlann an Aontais córais uathoibrithe, lena n-áirítear teimpléid leictreonacha, chun an fhaisnéis a bhaineann leis an bpróiseas deimhniúcháin a chur ar fáil go poiblí ar bhealach slán, lena n-áirítear na deimhnithe comhlíontachta agus deimhnithe comhlíontachta nuashonraithe, ionas gur féidir cainníocht na n-aonad deimhnithe a rianú agus chun comhaireamh dúbailte a sheachaint.

Maoineofar clárlann an Aontais le táillí socraithe bliantúla is iníoctha ag úsáideoirí. Beidh na táillí sin comhréireach le húsáid chlárlann an Aontais agus leordhóthanach chun rannchuidiú le costais bunaithe agus costais oibriúcháin bhliantúla chlárlann an Aontais a chumhdach, amhail na costais a bhaineann le baill foirne nó uirlisí TF.

Is ioncam sannta seachtrach a bheidh in acmhainní ó tháillí den sórt sin chun críocha Airteagal 21(5) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046. Leis an ioncam sin, cumhdófar, go háirithe, costais uirlisí, seirbhísí agus slándáil TF, lena n-áirítear na córais oibriúcháin agus cheadúnúcháin, agus na costais a bhaineann leis na baill foirne atá ag obair ar bhainistiú chlárlann an Aontais.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 06.12.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R3012
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.