+Airteagal 12 Prionsabail maolaithe tógála talún
---+Airteagal 12 (a)
---+Airteagal 12 (b)

Airteagal 12 Prionsabail maolaithe tógála talún

Gan cur isteach ar neamhspleáchas na mBallstát maidir le pleanáil spásúil, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear na prionsabail seo a leanas san áireamh i gcás séalú ithreach nua nó baint ithreach nua mar chuid de thógáil talún, ar an leibhéal spásúil iomchuí laistigh dá gcríoch:

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 12 (a)

caillteanas acmhainneacht na hithreach chun seirbhísí éiceachórais líonmhara a sholáthar, lena n-áirítear táirgeadh bia, a sheachaint nó a laghdú a mhéid is féidir tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

(i)

an limistéar ithreach a ndéanann séalú ithreach agus baint ithreach difear dó a laghdú, a mhéid is féidir, go háirithe trí athúsáid agus athrú cuspóra ithreacha séalaithe a spreagadh, amhail foirgnimh atá ann cheana;

(ii)

limistéir a roghnú ina mbeadh caillteanas na seirbhísí éiceachórais fíorbheag, go háirithe limistéir ina bhfuil ithreacha atá díghrádaithe go mór, amhail láithreáin athfhorbraíochta; agus

(iii)

séalú ithreach agus baint ithreach a dhéanamh ar bhealach a íoslaghdaíonn an tionchar diúltach ar ithir, go háirithe trí na hithreacha atá timpeall uirthi a chosaint nó tríd an séalú ithreach a choimeád chomh hin-aisiompaithe agus is féidir;

Airteagal 12 (b)

iarracht a dhéanamh caillteanas acmhainneacht na hithreach chun seirbhísí éiceachórais líonmhara a sholáthar a fhritháireamh, lena n-áirítear trí sheirbhísí éiceachórais a thabhairt ar ais trí dhíshéalú ithreacha séalaithe agus atógáil limistéar ar a ndearnadh baint ithreach a spreagadh.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 26.11.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025L2360
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.