+Airteagal 5
---+Airteagal 5 1.
---+Airteagal 5 2.
---+Airteagal 5 3.
---+Airteagal 5 4.

Airteagal 5

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 5 1.
Aistreoidh aeriompróirí na sonraí API criptithe chuig an ródaire trí mheán leictreonach chun iad a tharchur chuig PIUnna i gcomhréir le hAirteagal 12. Aistreoidh aeriompróirí na sonraí API i gcomhréir leis na rialacha mionsonraithe dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo, a luaithe is a ghlacfar rialacha den sórt sin agus a thiocfaidh siad chun bheith infheidhme.
Airteagal 5 2.
Agus bearta á nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 8(1) de Threoir (AE) 2016/681, cuirfidh na Ballstáit de cheangal ar aeriompróirí aon sonraí eile PNR a bhailíonn siad i ngnáthchúrsa a ngnó a aistriú chuig an ródaire go heisiach, i gcomhréir leis na prótacail choiteanna agus leis na formáidí sonraí coiteanna a leagtar amach de bhun Airteagal 16 den Treoir sin.
Airteagal 5 3.

Déanfaidh aeriompróirí na sonraí API a aistriú:

(a) 

i gcás paisinéirí:

(i) 

in aghaidh an phaisinéara tráth na seiceála isteach, ach tráth nach luaithe ná 48 n-uair an chloig roimh am imeachta sceidealaithe na heitilte; agus

(ii) 

i gcás na bpaisinéirí uile atá ar bord díreach tar éis dhúnadh na heitilte, is é sin a luaithe a bheidh na paisinéirí ar bord an aerárthaigh atá á ullmhú don imeacht agus nach féidir le paisinéirí dul ar bord an aerárthaigh a thuilleadh ná tuirlingt de;

(b) 

i gcás gach duine den chriú díreach tar éis dhúnadh na heitilte, is é sin a luaithe a bheidh an criú ar bord an aerárthaigh atá á ullmhú don imeacht agus nach féidir leo tuirlingt den aerárthach a thuilleadh.

Airteagal 5 4.
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 43 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na rialacha mionsonraithe is gá a leagan síos maidir leis na prótacail choiteanna agus na formáidí sonraí tacaithe atá le húsáid le haghaidh aistriú criptithe sonraí API chuig an ródaire dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, lena n-áirítear aistriú sonraí API tráth na seiceála isteach agus na ceanglais maidir le slándáil sonraí. Le rialacha mionsonraithe den sórt sin, áiritheofar go n-aistreoidh aeriompróirí sonraí API trí úsáid a bhaint as an struchtúr céanna agus as an ábhar céanna.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 08.01.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025R0013
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.