+Airteagal 7
---+Airteagal 7 1.
---+Airteagal 7 2.
---+Airteagal 7 3.
---+Airteagal 7 4.
---+Airteagal 7 5.

Airteagal 7

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 7 1.
I gcás ina bhfaigheann aeriompróir amach gur próiseáladh go neamhdhleathach sonraí a stórálann sé faoin Rialachán seo, nó nach sonraí API iad na sonraí sin, déanfaidh sé na sonraí sin a scriosadh láithreach agus go buan. Más rud é gur aistríodh na sonraí sin chuig an ródaire, cuirfidh an t-aeriompróir Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA) ar an eolas láithreach. Ar fhaisnéis den sórt sin a fháil, déanfaidh eu-LISA an PIU a fuair na sonraí arna dtarchur tríd an ródaire a chur ar an eolas láithreach.
Airteagal 7 2.
I gcás ina bhfaigheann aeriompróir amach go bhfuil na sonraí a stórálann sé faoin Rialachán seo míchruinn nó neamhiomlán nó nach bhfuil siad cothrom le dáta a thuilleadh, déanfaidh sé na sonraí sin a cheartú, a chomhlánú nó a nuashonrú láithreach. Ní dochar an méid sin don fhéidearthacht atá ag aeriompróirí na sonraí a choinneáil agus a úsáid i gcás inar gá le haghaidh ghnáthchúrsa a ngnó i gcomhréir leis an dlí is infheidhme.
Airteagal 7 3.
I gcás ina bhfaigheann aeriompróir amach tar éis aistriú na sonraí API faoi Airteagal 5(3), pointe (a)(i), ach sula ndéanfar an t-aistriú faoi Airteagal 5(3), pointe (a)(ii), go bhfuil na sonraí a d’aistrigh sé míchruinn, aistreoidh an t-aeriompróir na sonraí API ceartaithe láithreach chuig an ródaire.
Airteagal 7 4.
I gcás ina bhfaigheann aeriompróir amach, tar éis aistriú na sonraí API faoi Airteagal 5(3), pointe(a)(ii) nó pointe (b), go bhfuil na sonraí a d’aistrigh sé míchruinn nó neamhiomlán nó nach bhfuil siad cothrom le dáta a thuilleadh, aistreoidh an t-aeriompróir na sonraí API ceartaithe, comhlánaithe nó nuashonraithe láithreach chuig an ródaire.
Airteagal 7 5.
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 43 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na rialacha mionsonraithe is gá a leagan síos maidir le sonraí API a cheartú, a chomhlánú agus a nuashonrú de réir bhrí an Airteagail seo.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 08.01.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025R0013
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.