|
+Airteagal 17 2. |
Airteagal 17 2.Coinneoidh eu-LISA logaí de na hoibríochtaí próiseála uile a bhaineann le tarchur agus aistriú sonraí API agus sonraí eile PNR tríd an ródaire faoin Rialachán seo. Leis na logaí sin, cumhdófar an méid seo a leanas:
(a)
an t-aeriompróir a d’aistrigh na sonraí API agus sonraí eile PNR chuig an ródaire;
(b)
an t-aeriompróir a d’aistrigh sonraí eile PNR chuig an ródaire;
(c)
na PIUnna ar tarchuireadh na sonraí API chucu tríd an ródaire;
(d)
na PIUnna ar tarchuireadh sonraí eile PNR chucu tríd an ródaire;
(e)
dáta agus am an aistrithe nó an tarchuir dá dtagraítear i bpointí (a) go (d), agus áit an aistrithe nó an tarchuir sin;
(f)
aon rochtain ag foireann eu-LISA is gá chun an ródaire a chothabháil, dá dtagraítear in Airteagal 26(3);
(g)
aon fhaisnéis eile a bhaineann leis na hoibríochtaí próiseála sin is gá chun faireachán a dhéanamh ar shlándáil agus sláine na sonraí API agus sonraí eile PNR agus ar dhlíthiúlacht na n-oibríochtaí próiseála sin. Ní áireofar sna logaí sin aon sonraí pearsanta, seachas an fhaisnéis is gá chun an duine ábhartha d’fhoireann eu-LISA, dá dtagraítear i bpointe (f) den chéad fhomhír, a shainaithint. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|