+Airteagal 17
---+Airteagal 17 1.
---+Airteagal 17 2.
---+Airteagal 17 3.
---+Airteagal 17 4.
---+Airteagal 17 5.
---+Airteagal 17 6.
|
Airteagal 17
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 17 1.
|
Cruthóidh aeriompróirí logaí de na hoibríochtaí próiseála uile a bhaineann le sonraí API faoin Rialachán seo arna ndéanamh trí úsáid a bhaint as na modhanna uathoibrithe dá dtagraítear in Airteagal 4(7). Leis na logaí sin, cumhdófar dáta, am, agus áit aistrithe na sonraí API. Ní áireofar sna logaí sin aon sonraí pearsanta, seachas an fhaisnéis is gá chun an duine ábhartha d’fhoireann an aeriompróra a shainaithint.
|
|
Airteagal 17 2.
|
Coinneoidh eu-LISA logaí de na hoibríochtaí próiseála uile a bhaineann le tarchur agus aistriú sonraí API agus sonraí eile PNR tríd an ródaire faoin Rialachán seo. Leis na logaí sin, cumhdófar an méid seo a leanas:
(a)
an t-aeriompróir a d’aistrigh na sonraí API agus sonraí eile PNR chuig an ródaire;
(b)
an t-aeriompróir a d’aistrigh sonraí eile PNR chuig an ródaire;
(c)
na PIUnna ar tarchuireadh na sonraí API chucu tríd an ródaire;
(d)
na PIUnna ar tarchuireadh sonraí eile PNR chucu tríd an ródaire;
(e)
dáta agus am an aistrithe nó an tarchuir dá dtagraítear i bpointí (a) go (d), agus áit an aistrithe nó an tarchuir sin;
(f)
aon rochtain ag foireann eu-LISA is gá chun an ródaire a chothabháil, dá dtagraítear in Airteagal 26(3);
(g)
aon fhaisnéis eile a bhaineann leis na hoibríochtaí próiseála sin is gá chun faireachán a dhéanamh ar shlándáil agus sláine na sonraí API agus sonraí eile PNR agus ar dhlíthiúlacht na n-oibríochtaí próiseála sin.
Ní áireofar sna logaí sin aon sonraí pearsanta, seachas an fhaisnéis is gá chun an duine ábhartha d’fhoireann eu-LISA, dá dtagraítear i bpointe (f) den chéad fhomhír, a shainaithint.
|
|
Airteagal 17 3.
|
Ní úsáidfear na logaí dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo ach chun slándáil agus sláine na sonraí API agus sonraí eile PNR agus dlíthiúlacht na próiseála a áirithiú, go háirithe a mhéid a bhaineann le comhlíonadh na gceanglas a leagtar amach sa Rialachán seo, lena n-áirítear imeachtaí le haghaidh pionós as sáruithe ar na ceanglais sin i gcomhréir le hAirteagal 37 agus 38.
|
|
Airteagal 17 4.
|
Déanfaidh aeriompróirí agus eu-LISA bearta iomchuí chun na logaí a chruthaigh siad de bhun mhíreanna 1 agus 2, faoi seach, a chosaint ar rochtain neamhúdaraithe agus ar rioscaí slándála eile.
|
|
Airteagal 17 5.
|
Beidh rochtain ag an údarás maoirseachta náisiúnta API dá dtagraítear in Airteagal 37 agus ag na PIUnna ar na logaí ábhartha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo i gcás inar gá chun na gcríoch dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo.
|
|
Airteagal 17 6.
|
Coinneoidh aeriompróirí agus eu-LISA na logaí a chruthaigh siad de bhun mhíreanna 1 agus 2, faoi seach, ar feadh tréimhse bliana ón tráth a cruthaíodh na logaí sin. Nuair a rachaidh an tréimhse ama sin in éag, scriosfaidh siad na logaí sin láithreach agus go buan. Mar sin féin, má tá gá leis na logaí sin le haghaidh nósanna imeachta chun faireachán a dhéanamh ar shlándáil agus sláine na sonraí API nó ar dhlíthiúlacht na n-oibríochtaí próiseála, nó chun an méid sin a áirithiú, amhail dá dtagraítear i mír 3, agus má tá na nósanna imeachta sin tosaithe cheana tráth a théann an tréimhse ama dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo in éag, déanfaidh aeriompróirí agus eu-LISA na logaí sin a choinneáil chomh fada agus is gá le haghaidh na nósanna imeachta sin. Sa chás sin, scriosfaidh siad láithreach na logaí sin nuair nach bhfuil gá leo a thuilleadh le haghaidh na nósanna imeachta sin.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 08.01.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025R0013
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|