+Airteagal 18
---+Airteagal 18 1.
---+Airteagal 18 2.
---+Airteagal 18 3.
---+Airteagal 18 4.
|
Airteagal 18
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 18 1.
|
Beidh aeriompróirí ina rialaitheoirí, de réir bhrí Airteagal 4, pointe (7), de Rialachán (AE) 2016/679, i dtaobh phróiseáil na sonraí API agus sonraí eile PNR arb ionann iad agus sonraí pearsanta i ndáil le bailiú sonraí den sórt sin agus aistriú sonraí den sórt sin chuig an ródaire faoin Rialachán seo.
|
|
Airteagal 18 2.
|
Ainmneoidh gach Ballstát údarás inniúil mar rialaitheoir i gcomhréir leis an Airteagal seo. Tabharfaidh na Ballstáit fógra faoi na húdaráis sin don Choimisiún, do eu-LISA agus do na Ballstáit eile. Beidh na húdaráis inniúla uile arna n-ainmniú ag na Ballstáit ina rialaitheoirí comhpháirteacha i gcomhréir le hAirteagal 21 de Threoir (AE) 2016/680 chun sonraí pearsanta a phróiseáil sa ródaire.
|
|
Airteagal 18 3.
|
Beidh eu-LISA ina phróiseálaí de réir bhrí Airteagal 3, pointe (12), de Rialachán (AE) 2018/1725 chun sonraí API agus sonraí eile PNR arb ionann iad agus sonraí pearsanta a phróiseáil faoin Rialachán seo tríd an ródaire, lena n-áirítear tarchur na sonraí ón ródaire chuig na PIUnna agus stóráil na sonraí sin ar an ródaire ar chúiseanna teicniúla. Áiritheoidh eu-LISA go n-oibreofar an ródaire i gcomhréir leis an Rialachán seo.
|
|
Airteagal 18 4.
|
Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena mbunaítear freagrachtaí na rialaitheoirí comhpháirteacha faoi seach agus na hoibleagáidí faoi seach idir na rialaitheoirí comhpháirteacha agus an próiseálaí. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 42(2).
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 08.01.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025R0013
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|