|
+Airteagal 20 3. |
Airteagal 20 3.Déanfaidh eu-LISA na bearta is gá chun slándáil an ródaire agus na sonraí API agus sonraí eile PNR a áirithiú, go háirithe sonraí arb ionann iad agus sonraí pearsanta, arna dtarchur tríd an ródaire, lena n-áirítear trí phlean slándála, plean leanúnachais gnó agus plean athshlánaithe ó thubaiste a bhunú, a chur chun feidhme agus a nuashonrú go tráthrialta, chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a)
an ródaire a chosaint go fisiciúil, lena n-áirítear trí phleananna teagmhasacha a dhéanamh chun comhpháirteanna criticiúla de a chosaint;
(b)
cosc a chur ar aon phróiseáil neamhúdaraithe ar na sonraí API nó ar shonraí eile PNR, lena n-áirítear aon rochtain neamhúdaraithe orthu agus cóipeáil, modhnú nó scriosadh na sonraí sin, le linn sonraí API nó sonraí eile PNR a aistriú chuig an ródaire agus uaidh agus le linn aon stóráil sonraí API nó sonraí eile PNR ar an ródaire i gcás inar gá chun an tarchur a chur i gcrích, go háirithe trí bhíthin teicnící criptithe iomchuí;
(c)
a áirithiú nach mbeidh rochtain ag na daoine a bhfuil údarú rochtana acu ar an ródaire ach ar na sonraí atá cumhdaithe ag a n-údarú rochtana;
(d)
a áirithiú gur féidir a fhíorú agus a shuí cé na PIUnna chuig a dtarchuirtear na sonraí API nó sonraí eile PNR tríd an ródaire;
(e)
aon fhabht i bhfeidhmiú an ródaire a thuairisciú mar is ceart dá Bhord Bainistíochta;
(f)
faireachán a dhéanamh ar éifeachtacht na mbeart slándála a cheanglaítear faoin Airteagal seo agus faoi Rialachán (AE) 2018/1725, agus measúnú a dhéanamh ar na bearta slándála sin agus iad a nuashonrú i gcás inar gá sin i bhfianaise forbairtí teicneolaíocha nó oibríochtúla. Ní dhéanfaidh na bearta dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo difear d’Airteagal 32 de Rialachán (AE) 2016/679, d’Airteagal 33 de Rialachán (AE) 2018/1725 ná d’Airteagal 29 de Threoir (AE) 2016/680. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|