+Airteagal 20
---+Airteagal 20 1.
---+Airteagal 20 2.
---+Airteagal 20 3.
|
Airteagal 20
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 20 1.
|
Áiritheoidh eu-LISA slándáil agus criptiú na sonraí API agus sonraí eile PNR, go háirithe sonraí arb ionann iad agus sonraí pearsanta, a phróiseálann sé de bhun an Rialacháin seo. Áiritheoidh na PIUnna agus na haeriompróirí slándáil na sonraí API, go háirithe na sonraí API arb ionann iad agus sonraí pearsanta, a phróiseálann siad de bhun an Rialacháin seo. Oibreoidh eu-LISA, na PIUnna agus na haeriompróirí i gcomhar le chéile, i gcomhréir lena bhfreagrachtaí faoi seach agus i gcomhréir le dlí an Aontais, chun slándáil den sórt sin a áirithiú.
|
|
Airteagal 20 2.
|
Áiritheoidh eu-LISA slándáil agus rúndacht na sonraí a bhaineann le heitiltí agus le bealaí a roghnaíonn na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 12(4). Áiritheoidh na PIUnna agus na haeriompróirí slándáil na sonraí API, go háirithe na sonraí API arb ionann iad agus sonraí pearsanta, a phróiseálann siad de bhun an Rialacháin seo. Oibreoidh eu-LISA, na PIUnna agus na haeriompróirí i gcomhar le chéile, i gcomhréir lena bhfreagrachtaí faoi seach agus i gcomhréir le dlí an Aontais, chun slándáil den sórt sin a áirithiú.
|
|
Airteagal 20 3.
|
Déanfaidh eu-LISA na bearta is gá chun slándáil an ródaire agus na sonraí API agus sonraí eile PNR a áirithiú, go háirithe sonraí arb ionann iad agus sonraí pearsanta, arna dtarchur tríd an ródaire, lena n-áirítear trí phlean slándála, plean leanúnachais gnó agus plean athshlánaithe ó thubaiste a bhunú, a chur chun feidhme agus a nuashonrú go tráthrialta, chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a)
an ródaire a chosaint go fisiciúil, lena n-áirítear trí phleananna teagmhasacha a dhéanamh chun comhpháirteanna criticiúla de a chosaint;
(b)
cosc a chur ar aon phróiseáil neamhúdaraithe ar na sonraí API nó ar shonraí eile PNR, lena n-áirítear aon rochtain neamhúdaraithe orthu agus cóipeáil, modhnú nó scriosadh na sonraí sin, le linn sonraí API nó sonraí eile PNR a aistriú chuig an ródaire agus uaidh agus le linn aon stóráil sonraí API nó sonraí eile PNR ar an ródaire i gcás inar gá chun an tarchur a chur i gcrích, go háirithe trí bhíthin teicnící criptithe iomchuí;
(c)
a áirithiú nach mbeidh rochtain ag na daoine a bhfuil údarú rochtana acu ar an ródaire ach ar na sonraí atá cumhdaithe ag a n-údarú rochtana;
(d)
a áirithiú gur féidir a fhíorú agus a shuí cé na PIUnna chuig a dtarchuirtear na sonraí API nó sonraí eile PNR tríd an ródaire;
(e)
aon fhabht i bhfeidhmiú an ródaire a thuairisciú mar is ceart dá Bhord Bainistíochta;
(f)
faireachán a dhéanamh ar éifeachtacht na mbeart slándála a cheanglaítear faoin Airteagal seo agus faoi Rialachán (AE) 2018/1725, agus measúnú a dhéanamh ar na bearta slándála sin agus iad a nuashonrú i gcás inar gá sin i bhfianaise forbairtí teicneolaíocha nó oibríochtúla.
Ní dhéanfaidh na bearta dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo difear d’Airteagal 32 de Rialachán (AE) 2016/679, d’Airteagal 33 de Rialachán (AE) 2018/1725 ná d’Airteagal 29 de Threoir (AE) 2016/680.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 08.01.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025R0013
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|