+Airteagal 38
---+Airteagal 38 1.
---+Airteagal 38 2.
---+Airteagal 38 3.
---+Airteagal 38 4.

Airteagal 38

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 38 1.
Déanfaidh na Ballstáit na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo a leagan síos agus glacfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.
Airteagal 38 2.
Tabharfaidh na Ballstáit, faoi dháta ábhartha chur i bhfeidhm an Rialacháin seo dá dtagraítear in Airteagal 45, an dara fomhír, fógra don Choimisiún faoi na rialacha sin agus na bearta sin, agus tabharfaidh siad fógra dó, gan mhoill, faoi aon leasú ina dhiaidh sin lena ndéantar difear dóibh.
Airteagal 38 3.

Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta API, agus cinneadh á dhéanamh acu i dtaobh ar cheart pionós a fhorchur, agus cineál agus leibhéal an phionóis á chinneadh acu, imthosca ábhartha a chur san áireamh, lena bhféadfar an méid seo a leanas a áireamh:

(a) 

cineál, tromchúis agus fad an tsáraithe;

(b) 

a mhéid atá locht ar an aeriompróir;

(c) 

sáruithe a rinne an t-aeriompróir roimhe sin;

(d) 

leibhéal foriomlán chomhar an aeriompróra leis na húdaráis inniúla;

(e) 

méid an aeriompróra, amhail líon bliantúil na bpaisinéirí a iompraítear;

(f) 

i dtaobh ar chuir údaráis mhaoirseachta náisiúnta API eile pionóis roimhe seo i bhfeidhm cheana féin ar an aeriompróir céanna as an sárú céanna.

Airteagal 38 4.
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh mainneachtain leanúnach sonraí API a aistriú i gcomhréir le hAirteagal 5(1) faoi réir pionóis airgeadais chomhréireacha suas le 2 % de láimhdeachas iomlán an aeriompróra an bhliain ghnó roimhe sin. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh mainneachtain oibleagáidí eile a leagtar amach sa Rialachán seo a chomhlíonadh faoi réir pionóis chomhréireacha, lena n-áirítear pionóis airgeadais.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 08.01.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025R0013
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.