+Airteagal 44
---+Airteagal 44 1.
---+Airteagal 44 2.
---+Airteagal 44 3.
---+Airteagal 44 4.
---+Airteagal 44 5.
---+Airteagal 44 6.
---+Airteagal 44 7.

Airteagal 44

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 44 1.
Áiritheoidh eu-LISA go mbeidh nósanna imeachta i bhfeidhm chun faireachán a dhéanamh ar fhorbairt an ródaire i bhfianaise cuspóirí a bhaineann le pleanáil agus costais, agus chun faireachán a dhéanamh ar fheidhmiú an ródaire i bhfianaise cuspóirí a bhaineann le haschur teicniúil, cost-éifeachtacht, slándáil agus cáilíocht seirbhíse.
Airteagal 44 2.
Faoin 29 Eanair 2026 agus gach bliain ina dhiaidh sin le linn chéim forbartha an ródaire, cuirfidh eu-LISA tuarascáil ar fáil maidir le staid na himeartha i ndáil le forbairt an ródaire, agus cuirfidh sé an tuarascáil sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Beidh faisnéis mhionsonraithe sa tuarascáil faoi na costais a tabhaíodh agus faoi aon rioscaí a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar na costais fhoriomlána atá le titim ar bhuiséad ginearálta an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 32.
Airteagal 44 3.
A luaithe a chuirfidh an ródaire tús le hoibríochtaí, cuirfidh eu-LISA tuarascáil ar fáil ina mínítear go mionsonrach conas a gnóthaíodh na cuspóirí, go háirithe na cuspóirí a bhaineann le pleanáil agus costais, agus ina dtugtar cúiseanna le haon éagsúlachtaí, agus cuirfidh sé faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle í.
Airteagal 44 4.

Faoin 29 Eanair 2029, agus gach 4 bliana ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ar fáil ina bhfuil meastóireacht fhoriomlán ar an Rialachán seo, lena n-áirítear maidir leis an riachtanas atá le bailiú sonraí API agus an breisluach a bhaineann leis sin, lena n-áirítear measúnú ar an méid seo a leanas:

(a) 

cur i bhfeidhm an Rialacháin seo;

(b) 

a mhéid a bhain an Rialachán seo a chuid cuspóirí amach;

(c) 

tionchar an Rialacháin seo ar chearta bunúsacha a chosnaítear faoi dhlí an Aontais;

(d) 

tionchar an Rialacháin seo ar eispéireas taistil paisinéirí dlisteanacha;

(e) 

tionchar an Rialacháin seo ar iomaíochas na hearnála eitlíochta agus an t-ualach a bhí ar ghnólachtaí;

(f) 

cáilíocht na sonraí arna dtarchur ag an ródaire chuig na PIUnna;

(g) 

feidhmíocht an ródaire i ndáil leis na PIUnna.

Chun críocha phointe (e) den chéad fhomhír, tabharfar aghaidh freisin sa tuarascáil ón gCoimisiún ar idirghníomhaíocht an Rialacháin seo le gníomhartha reachtacha ábhartha eile de chuid an Aontais, go háirithe Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008, (AE) 2017/2226 agus (AE) 2018/1240 agus, chun measúnú a dhéanamh ar thionchar foriomlán na n-oibleagáidí tuairiscithe gaolmhara ar aeriompróirí, sainaithneofar forálacha a d’fhéadfaí a nuashonrú agus a shimpliú, i gcás inarb iomchuí, chun an t-ualach ar aeriompróirí a mhaolú, agus breithniú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí agus bearta a d’fhéadfaí a dhéanamh chun an brú costais iomlán ar aeriompróirí a laghdú.

Airteagal 44 5.
Áireofar freisin sa mheastóireacht dá dtagraítear i mír 4 measúnú ar an riachtanas, ar an gcomhréireacht agus ar an éifeachtacht a bhaineann le bailiú agus aistriú éigeantach sonraí API a bhaineann le heitiltí laistigh den Aontas a áireamh laistigh de raon feidhme an Rialacháin seo.
Airteagal 44 6.
Cuirfidh an Coimisiún an tuarascáil mheastóireachta faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí agus Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha. Más iomchuí, i bhfianaise na meastóireachta atá déanta, déanfaidh an Coimisiún togra reachtach a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle d’fhonn an Rialachán seo a leasú.
Airteagal 44 7.
Tabharfaidh na Ballstáit agus aeriompróirí do eu-LISA agus don Choimisiún, arna iarraidh sin, cibé faisnéis is gá chun na tuarascálacha dá dtagraítear i míreanna 2, 3 agus 4 a dhréachtú. Go háirithe, soláthróidh na Ballstáit faisnéis chainníochtúil agus cháilíochtúil faoi shonraí API a bhailiú ó thaobh na hoibríochta de. Ní áireofar sonraí pearsanta san fhaisnéis arna soláthar. Féadfaidh Ballstáit staonadh ó fhaisnéis den sórt sin a sholáthar, más amhlaidh gur gá, agus a mhéid is gá, chun nach ndéanfar modhanna oibre rúnda a nochtadh nó imscrúduithe atá fós ar siúl ag a gcuid PIUnna nó údaráis inniúla eile a chur i mbaol. Áiritheoidh an Coimisiún go gcosnófar go hiomchuí aon fhaisnéis rúnda a sholáthraítear.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 08.01.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025R0013
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.