|
+Airteagal 44 4. |
Airteagal 44 4.Faoin 29 Eanair 2029, agus gach 4 bliana ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ar fáil ina bhfuil meastóireacht fhoriomlán ar an Rialachán seo, lena n-áirítear maidir leis an riachtanas atá le bailiú sonraí API agus an breisluach a bhaineann leis sin, lena n-áirítear measúnú ar an méid seo a leanas:
(a)
cur i bhfeidhm an Rialacháin seo;
(b)
a mhéid a bhain an Rialachán seo a chuid cuspóirí amach;
(c)
tionchar an Rialacháin seo ar chearta bunúsacha a chosnaítear faoi dhlí an Aontais;
(d)
tionchar an Rialacháin seo ar eispéireas taistil paisinéirí dlisteanacha;
(e)
tionchar an Rialacháin seo ar iomaíochas na hearnála eitlíochta agus an t-ualach a bhí ar ghnólachtaí;
(f)
cáilíocht na sonraí arna dtarchur ag an ródaire chuig na PIUnna;
(g)
feidhmíocht an ródaire i ndáil leis na PIUnna. Chun críocha phointe (e) den chéad fhomhír, tabharfar aghaidh freisin sa tuarascáil ón gCoimisiún ar idirghníomhaíocht an Rialacháin seo le gníomhartha reachtacha ábhartha eile de chuid an Aontais, go háirithe Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008, (AE) 2017/2226 agus (AE) 2018/1240 agus, chun measúnú a dhéanamh ar thionchar foriomlán na n-oibleagáidí tuairiscithe gaolmhara ar aeriompróirí, sainaithneofar forálacha a d’fhéadfaí a nuashonrú agus a shimpliú, i gcás inarb iomchuí, chun an t-ualach ar aeriompróirí a mhaolú, agus breithniú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí agus bearta a d’fhéadfaí a dhéanamh chun an brú costais iomlán ar aeriompróirí a laghdú. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|