+Airteagal 14 Cúltaca Cibearshlándála an Aontais a bhunú
---+Airteagal 14 1.
---+Airteagal 14 2.
---+Airteagal 14 3.
---+Airteagal 14 4.
---+Airteagal 14 5.
---+Airteagal 14 6.
---+Airteagal 14 7.
|
Airteagal 14 Cúltaca Cibearshlándála an Aontais a bhunú
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 14 1.
|
Bunaítear Cúltaca Cibearshlándála an Aontais, chun cúnamh a thabhairt, arna iarraidh sin, d’úsáideoirí dá dtagraítear i mír 3 i dtaobh freagairt ar theagmhais shuntasacha chibearshlándála, teagmhais mhórscála chibearshlándála nó teagmhais chibearshlándála choibhéiseacha ar mhórscála, nó tacaíocht a thabhairt ina leith sin, agus téarnamh ó theagmhais den sórt sin a thionscnamh.
|
|
Airteagal 14 2.
|
Beidh seirbhísí freagartha ó sholáthraithe iontaofa seirbhísí slándála bainistithe i gCúltaca Cibearshlándála an Aontais, ar soláthraithe iad a roghnófar i gcomhréir leis na critéir a leagtar síos in Airteagal 17(2). Féadfar seirbhísí réamhgheallta a áireamh i gCúltaca Cibearshlándála an Aontais. Beifear in ann seirbhísí réamhgheallta soláthraí iontaofa seirbhísí slándála bainistithe a thiontú ina seirbhísí ullmhachta a bhaineann le teagmhais a chosc agus freagairt orthu i gcásanna nach n-úsáidtear na seirbhísí réamhgheallta sin le haghaidh freagairt ar theagmhais le linn na tréimhse a bhfuil na seirbhísí sin réamhgheallta ina leith. Beifear in ann Cúltaca Cibearshlándála an Aontais a chur in úsáid arna iarraidh sin sna Ballstáit uile, in institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais agus i dtríú tíortha atá comhlachaithe le CED dá dtagraítear in Airteagal 19(1).
|
|
Airteagal 14 3.
|
Beidh úsáideoirí na seirbhísí arna soláthar ag Cúltaca Cibearshlándála an Aontais comhdhéanta de na nithe seo a leanas:
(a)
údaráis bainistíochta cibirghéarchéime na mBallstát agus CSIRTanna dá dtagraítear, faoi seach, in Airteagal 9(1) agus (2) agus Airteagal 10 de Threoir (AE) 2022/2555;
(b)
CERT-EU i gcomhréir le hAirteagal 13 de Rialachán (AE, Euratom) 2023/2841;
(c)
údaráis inniúla amhail foirne freagartha do theagmhais a bhaineann le slándáil ríomhairí agus údaráis bainistíochta cibirghéarchéime i dtríú tíortha atá comhlachaithe le CED i gcomhréir le hAirteagal 19(8).
|
|
Airteagal 14 4.
|
Is ar an gCoimisiún a bheidh an fhreagracht fhoriomlán as Cúltaca Cibearshlándála an Aontais a chur chun feidhme. Cinnfidh an Coimisiún tosaíochtaí agus forbairt Chúltaca Cibearshlándála an Aontais i gcomhar leis an nGrúpa Comhair maidir le Slándáil Gréasáin agus Faisnéise agus, i gcomhréir le ceanglais na n-úsáideoirí dá dtagraítear i mír 3, déanfaidh sé maoirseacht ar chur chun feidhme an Chúltaca agus áiritheoidh sé comhlántacht, comhsheasmhacht, sineirgí agus naisc le gníomhaíochtaí tacaíochta eile faoin Rialachán seo chomh maith le gníomhaíochtaí agus cláir eile de chuid an Aontais. Déanfar na tosaíochtaí sin a athbhreithniú agus, más iomchuí, déanfar iad a athrú gach 2 bhliain. Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoi na tosaíochtaí sin agus faoi aon athruithe a dhéantar orthu.
|
|
Airteagal 14 5.
|
Gan dochar do fhreagracht fhoriomlán an Choimisiúin as cur chun feidhme Chúltaca Cibearshlándála an Aontais dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo agus faoi réir comhaontú ranníocaíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe 19 de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509, cuirfidh an Coimisiún oibriú agus riar Chúltaca Cibearshlándála an Aontais, ina iomláine nó i bpáirt, de chúram ar ENISA. Leanfaidh na gnéithe sin nach gcuirtear de chúram ar ENISA de bheith faoi réir bhainistíocht dhíreach an Choimisiúin.
|
|
Airteagal 14 6.
|
Ullmhóidh ENISA, gach 2 bhliain ar a laghad, mapáil ar na seirbhísí is gá ó na húsáideoirí dá dtagraítear i mír 3, pointí (a) agus (b), den Airteagal seo. Áireofar leis an mapáil freisin infhaighteacht na seirbhísí sin, lena n-áirítear ó eintitis dhlítheanacha atá bunaithe nó a mheastar a bheith bunaithe sna Ballstáit agus atá faoi rialú ag na Ballstáit nó ag náisiúnaigh de chuid na mBallstát. Agus an infhaighteacht sin á mapáil ag ENISA, déanfaidh sé measúnú ar scileanna agus ar acmhainneacht lucht saothair cibearshlándála an Aontais atá ábhartha do chuspóirí Chúltaca Cibearshlándála an Aontais. Nuair a bheidh an mhapáil á hullmhú ag ENISA, rachaidh sé i gcomhairle leis an nGrúpa Comhair maidir le Slándáil Gréasáin agus Faisnéise, le EU-CyCLONe, leis an gCoimisiún agus, i gcás inarb infheidhme, leis an mBord Idirinstitiúideach um Chibearshlándáil (IICB) arna bhunú de bhun Airteagal 10 de Rialachán (AE, Euratom) 2023/2841. Agus infhaighteacht seirbhísí á mapáil ag ENISA, rachaidh sé i gcomhairle freisin le geallsealbhóirí ábhartha sa tionscal cibearshlándála, lena n-áirítear soláthraithe seirbhísí slándála bainistithe. Ullmhóidh ENISA mapáil chomhchosúil, tar éis dó an Chomhairle a chur ar an eolas agus tar éis dul i gcomhairle le EU-CyCLONe, leis an gCoimisiún agus, i gcás inarb ábhartha, leis an Ardionadaí, chun riachtanais na n-úsáideoirí dá dtagraítear i mír 3, pointe (c), den Airteagal seo a shainaithint.
|
|
Airteagal 14 7.
|
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 23 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí chineálacha agus líon na seirbhísí freagartha is gá le haghaidh Chúltaca Cibearshlándála an Aontais a shonrú. Agus na gníomhartha tarmligthe sin á n-ullmhú ag an gCoimisiún, cuirfidh sé an mhapáil dá dtagraítear i mír 6 den Airteagal seo i gcuntas agus féadfaidh sé comhairle a mhalartú agus comhoibriú leis an nGrúpa Comhair maidir le Slándáil Gréasáin agus Faisnéise agus le ENISA.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 15.01.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025R0038
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|