+Airteagal 19 Tacaíocht do thríú tíortha atá comhlachaithe le CED
---+Airteagal 19 1.
---+Airteagal 19 2.
---+Airteagal 19 3.
---+Airteagal 19 4.
---+Airteagal 19 5.
---+Airteagal 19 6.
---+Airteagal 19 7.
---+Airteagal 19 8.
---+Airteagal 19 9.
---+Airteagal 19 10.
---+Airteagal 19 11.

Airteagal 19 Tacaíocht do thríú tíortha atá comhlachaithe le CED

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 19 1.
Féadfaidh tríú tír atá comhlachaithe le CED tacaíocht a iarraidh ó Chúltaca Cibearshlándála an Aontais i gcás ina ndéantar foráil sa chomhaontú, trína bhfuil sí comhlachaithe le CED, maidir le rannpháirtíocht i gCúltaca Cibearshlándála an Aontais. Áireofar sa chomhaontú sin forálacha lena gceanglófar ar an tríú tír atá comhlachaithe le CED lena mbaineann na hoibleagáidí a leagtar amach i míreanna 2 agus 9 den Airteagal seo a chomhlíonadh. Chun críche rannpháirtíochta tríú tír i gCúltaca Cibearshlándála an Aontais, féadfar comhlachas atá teoranta don chuspóir oibríochtúil dá dtagraítear in Airteagal 6(1), pointe (g), de Rialachán (AE) 2021/694 a áireamh sa chomhlachas páirteach de thríú tír le CED.
Airteagal 19 2.
Laistigh de 3 mhí tar éis an comhaontú dá dtagraítear i mír 1 a thabhairt i gcrích agus in aon chás sula bhfaighidh siad aon tacaíocht ó Chúltaca Cibearshlándála an Aontais, tabharfaidh an tríú tír atá comhlachaithe le CED faisnéis don Choimisiún faoina chumais cibear-athléimneachta agus bainistithe riosca, lena n-áirítear faisnéis ar a laghad faoi bhearta náisiúnta arna ndéanamh chun ullmhú do theagmhais shuntasacha chibearshlándála nó teagmhais chibearshlándála choibhéiseacha ar mhórscála, chomh maith le faisnéis faoi eintitis náisiúnta fhreagracha, lena n-áirítear foirne freagartha do theagmhais a bhaineann le slándáil ríomhairí nó eintitis choibhéiseacha, a gcumais agus na hacmhainní a leithdháiltear orthu. Soláthróidh an tríú tír atá comhlachaithe le CED nuashonruithe ar an bhfaisnéis sin ar bhonn tráthrialta agus uair sa bhliain ar a laghad. Soláthróidh an Coimisiún an fhaisnéis sin don Ardionadaí agus do ENISA chun cur i bhfeidhm mhír 11 a éascú.
Airteagal 19 3.

Déanfaidh an Coimisiún measúnú tráthrialta, agus uair amháin sa bhliain ar a laghad, ar na critéir seo a leanas i leith gach tríú tír atá comhlachaithe le CED dá dtagraítear i mír 1:

(a) 

i dtaobh an bhfuil téarmaí an chomhaontaithe dá dtagraítear i mír 1 á gcomhlíonadh ag an tír sin, a mhéid a bhaineann na téarmaí sin le rannpháirtíocht i gCúltaca Cibearshlándála an Aontais;

(b) 

i dtaobh an bhfuil bearta leormhaithe déanta ag an tír sin chun ullmhú le haghaidh teagmhais shuntasacha chibearshlándála nó teagmhais chibearshlándála choibhéiseacha ar mhórscála, bunaithe ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 2; agus

(c) 

i dtaobh an bhfuil soláthar na tacaíochta comhsheasmhach le beartas an Aontais i leith na tíre sin agus leis an gcaidreamh foriomlán léi agus i dtaobh an bhfuil sé comhsheasmhach le beartais eile an Aontais i réimse na slándála.

Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis an Ardionadaí agus an measúnú dá dtagraítear sa chéad fhomhír á dhéanamh aige, maidir leis an gcritéar dá dtagraítear i bpointe (c) den fhomhír sin.

I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún go gcomhlíonann tríú tír atá comhlachaithe le CED na coinníollacha uile dá dtagraítear sa chéad fhomhír, cuirfidh an Coimisiún togra faoi bhráid na Comhairle chun gníomh cur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le mír 4 lena n-údaraítear tacaíocht ó Chúltaca Cibearshlándála an Aontais a sholáthar don tír sin.

Airteagal 19 4.
Féadfaidh an Chomhairle na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 3 a ghlacadh. Beidh feidhm ag na gníomhartha cur chun feidhme sin ar feadh bliain amháin ar a mhéad. Féadfar iad a athnuachan. Féadfar a bheith ar áireamh orthu teorainn nach lú ná 75 lá ar líon na laethanta ar féidir tacaíocht a thabhairt ina leith mar fhreagairt ar iarraidh aonair.

Chun críocha an Airteagail seo, gníomhóidh an Chomhairle go gasta agus glacfaidh sí, mar riail, na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear sa mhír seo laistigh d’ocht seachtaine den togra ábhartha ón gCoimisiún a bheith glactha de bhun mhír 3, an tríú fomhír.

Airteagal 19 5.
Féadfaidh an Chomhairle gníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun mhír 4 a leasú nó a aisghairm aon tráth, ag gníomhú di ar thogra ón gCoimisiún.

I gcás ina measfaidh an Chomhairle go bhfuil athrú suntasach ann maidir leis an gcritéar dá dtagraítear i mír 3, an chéad fhomhír, pointe (c), féadfaidh an Chomhairle gníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun mhír 4 a leasú nó a aisghairm, ag gníomhú di ar thionscnamh cuí-réasúnaithe Ballstáit amháin nó níos mó.

Airteagal 19 6.
Agus a cumhachtaí cur chun feidhme faoin Airteagal seo á bhfeidhmiú aici, cuirfidh an Chomhairle na critéir dá dtagraítear i mír 3, an chéad fhomhír, i bhfeidhm agus míneoidh sí a measúnú ar na critéir sin. Go háirithe, nuair a ghníomhaíonn sí ar a tionscnamh féin de bhun mhír 5, an dara fomhír, míneoidh an Chomhairle an t-athrú suntasach dá dtagraítear san fhomhír sin.
Airteagal 19 7.
Comhlíonfar leis an tacaíocht ó Chúltaca Cibearshlándála an Aontais do thríú tír atá comhlachaithe le CED aon choinníollacha sonracha a leagtar síos sa chomhaontú dá dtagraítear i mír 1.
Airteagal 19 8.
Beidh údaráis inniúla amhail foirne freagartha ar theagmhais a bhaineann le slándáil ríomhairí nó eintitis choibhéiseacha agus údaráis bhainistíochta cibirghéarchéime san áireamh in úsáideoirí ó thríú tíortha atá comhlachaithe le CED atá incháilithe chun seirbhísí a fháil ó Chúltaca Cibearshlándála an Aontais.
Airteagal 19 9.
Gach tríú tír atá comhlachaithe le CED agus atá incháilithe do thacaíocht ó Chúltaca Cibearshlándála an Aontais, ainmneoidh sí údarás chun gníomhú mar phointe teagmhála aonair chun críche an Rialacháin seo.
Airteagal 19 10.
Déanfaidh an Coimisiún iarrataí ar thacaíocht ó Chúltaca Cibearshlándála an Aontais faoin Airteagal seo a mheasúnú. Ní fhéadfaidh an t-údarás conarthach tacaíocht a thabhairt do thríú tír ach amháin i gcás ina mbeidh, agus fad a bheidh, gníomh cur chun feidhme ón gComhairle arna ghlacadh de bhun mhír 4 den Airteagal seo i bhfeidhm lena n-údaraítear an tacaíocht sin i leith na tíre sin. Tarchuirfear freagra chuig na húsáideoirí dá dtagraítear in Airteagal 14(3), pointe (c), gan moill mhíchuí.
Airteagal 19 11.
Ar iarraidh ar thacaíocht faoin Airteagal seo a fháil, cuirfidh an Coimisiún an Chomhairle ar an eolas láithreach. Coinneoidh an Coimisiún an Chomhairle ar an eolas maidir leis an measúnú ar an iarraidh. Comhoibreoidh an Coimisiún freisin leis an Ardionadaí maidir leis na hiarrataí arna bhfáil agus maidir le cur chun feidhme na tacaíochta arna deonú do thríú tíortha atá comhlachaithe le CED ó Chúltaca Cibearshlándála an Aontais. Ina theannta sin, cuirfidh an Coimisiún aon tuairimí a chuirfidh ENISA ar fáil i leith na n-iarrataí sin i gcuntas freisin.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 15.01.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025R0038
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.