|
+Airteagal 19 3. |
Airteagal 19 3.Déanfaidh an Coimisiún measúnú tráthrialta, agus uair amháin sa bhliain ar a laghad, ar na critéir seo a leanas i leith gach tríú tír atá comhlachaithe le CED dá dtagraítear i mír 1:
(a)
i dtaobh an bhfuil téarmaí an chomhaontaithe dá dtagraítear i mír 1 á gcomhlíonadh ag an tír sin, a mhéid a bhaineann na téarmaí sin le rannpháirtíocht i gCúltaca Cibearshlándála an Aontais;
(b)
i dtaobh an bhfuil bearta leormhaithe déanta ag an tír sin chun ullmhú le haghaidh teagmhais shuntasacha chibearshlándála nó teagmhais chibearshlándála choibhéiseacha ar mhórscála, bunaithe ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 2; agus
(c)
i dtaobh an bhfuil soláthar na tacaíochta comhsheasmhach le beartas an Aontais i leith na tíre sin agus leis an gcaidreamh foriomlán léi agus i dtaobh an bhfuil sé comhsheasmhach le beartais eile an Aontais i réimse na slándála. Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis an Ardionadaí agus an measúnú dá dtagraítear sa chéad fhomhír á dhéanamh aige, maidir leis an gcritéar dá dtagraítear i bpointe (c) den fhomhír sin. I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún go gcomhlíonann tríú tír atá comhlachaithe le CED na coinníollacha uile dá dtagraítear sa chéad fhomhír, cuirfidh an Coimisiún togra faoi bhráid na Comhairle chun gníomh cur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le mír 4 lena n-údaraítear tacaíocht ó Chúltaca Cibearshlándála an Aontais a sholáthar don tír sin. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|