|
+Airteagal 25 2. |
Airteagal 25 2.Áireofar go háirithe sa mheastóireacht dá dtagraítear i mír 1 na nithe seo a leanas:
(a)
líon na gCibearmhol Náisiúnta agus na gCibearmhol Trasteorann arna mbunú, méid na faisnéise arna comhroinnt, lena n-áirítear, más féidir, an tionchar ar obair líonra CSIRTanna, agus a mhéid a rannchuidigh siad sin le brath coiteann agus feasacht choiteann staide an Aontais ar chibearbhagairtí agus ar chibirtheagmhais a neartú agus le teicneolaíochtaí úrscothacha a fhorbairt; agus úsáid an chistiúcháin ó CED le haghaidh uirlisí, bonneagar nó seirbhísí cibearshlándála arna soláthar go comhpháirteach; agus, má tá an fhaisnéis ar fáil, leibhéal an chomhair idir Cibearmhoil Náisiúnta agus pobail earnála agus trasearnála eintiteas fíor-riachtanach agus tábhachtach dá dtagraítear in Airteagal 3 de Threoir (AE) 2022/2555;
(b)
úsáid agus éifeachtacht na ngníomhaíochtaí faoin Sásra um Éigeandáil Chibearshlándála lena dtacaítear leis an ullmhacht, lena n-áirítear oiliúint, freagairt agus téarnamh tosaigh ar theagmhais shuntasacha chibearshlándála, teagmhais mhórscála chibearshlándála agus teagmhais chibearshlándála choibhéiseacha ar mhórscála, lena n-áirítear úsáid an chistiúcháin ó CED agus na ceachtanna a foghlaimíodh agus na moltaí ó chur chun feidhme an tSásra um Éigeandáil Chibearshlándála;
(c)
úsáid agus éifeachtacht Chúltaca Cibearshlándála an Aontais maidir le cineál úsáideoirí, lena n-áirítear úsáid an chistiúcháin ó CED, glacadh seirbhísí, lena n-áirítear cineál na seirbhísí sin, an meán-am chun freagairt ar na hiarrataí agus chun Cúltaca Cibearshlándála an Aontais a imscaradh, céatadán na seirbhísí a tiontaíodh ina seirbhísí ullmhachta a bhain le teagmhais a chosc agus freagairt orthu agus na ceachtanna a foghlaimíodh agus na moltaí ó chur chun feidhme Chúltaca Cibearshlándála an Aontais;
(d)
rannchuidiú an Rialacháin seo le staid iomaíoch an tionscail agus na seirbhísí san Aontas a neartú ar fud an gheilleagair dhigitigh, lena n-áirítear micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide mar aon le gnólachtaí nuathionscanta, agus an rannchuidiú leis an gcuspóir foriomlán scileanna agus acmhainneachtaí cibearshlándála an lucht saothair a threisiú. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|