+Airteagal 25 Meastóireacht agus athbhreithniú
---+Airteagal 25 1.
---+Airteagal 25 2.
---+Airteagal 25 3.

Airteagal 25 Meastóireacht agus athbhreithniú

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 25 1.
Faoin 5 Feabhra 2027 agus gach 4 bliana ar a laghad ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar fheidhmiú na mbeart dá bhforáiltear sa Rialachán seo agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.
Airteagal 25 2.

Áireofar go háirithe sa mheastóireacht dá dtagraítear i mír 1 na nithe seo a leanas:

(a) 

líon na gCibearmhol Náisiúnta agus na gCibearmhol Trasteorann arna mbunú, méid na faisnéise arna comhroinnt, lena n-áirítear, más féidir, an tionchar ar obair líonra CSIRTanna, agus a mhéid a rannchuidigh siad sin le brath coiteann agus feasacht choiteann staide an Aontais ar chibearbhagairtí agus ar chibirtheagmhais a neartú agus le teicneolaíochtaí úrscothacha a fhorbairt; agus úsáid an chistiúcháin ó CED le haghaidh uirlisí, bonneagar nó seirbhísí cibearshlándála arna soláthar go comhpháirteach; agus, má tá an fhaisnéis ar fáil, leibhéal an chomhair idir Cibearmhoil Náisiúnta agus pobail earnála agus trasearnála eintiteas fíor-riachtanach agus tábhachtach dá dtagraítear in Airteagal 3 de Threoir (AE) 2022/2555;

(b) 

úsáid agus éifeachtacht na ngníomhaíochtaí faoin Sásra um Éigeandáil Chibearshlándála lena dtacaítear leis an ullmhacht, lena n-áirítear oiliúint, freagairt agus téarnamh tosaigh ar theagmhais shuntasacha chibearshlándála, teagmhais mhórscála chibearshlándála agus teagmhais chibearshlándála choibhéiseacha ar mhórscála, lena n-áirítear úsáid an chistiúcháin ó CED agus na ceachtanna a foghlaimíodh agus na moltaí ó chur chun feidhme an tSásra um Éigeandáil Chibearshlándála;

(c) 

úsáid agus éifeachtacht Chúltaca Cibearshlándála an Aontais maidir le cineál úsáideoirí, lena n-áirítear úsáid an chistiúcháin ó CED, glacadh seirbhísí, lena n-áirítear cineál na seirbhísí sin, an meán-am chun freagairt ar na hiarrataí agus chun Cúltaca Cibearshlándála an Aontais a imscaradh, céatadán na seirbhísí a tiontaíodh ina seirbhísí ullmhachta a bhain le teagmhais a chosc agus freagairt orthu agus na ceachtanna a foghlaimíodh agus na moltaí ó chur chun feidhme Chúltaca Cibearshlándála an Aontais;

(d) 

rannchuidiú an Rialacháin seo le staid iomaíoch an tionscail agus na seirbhísí san Aontas a neartú ar fud an gheilleagair dhigitigh, lena n-áirítear micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide mar aon le gnólachtaí nuathionscanta, agus an rannchuidiú leis an gcuspóir foriomlán scileanna agus acmhainneachtaí cibearshlándála an lucht saothair a threisiú.

Airteagal 25 3.
Ar bhonn na dtuarascálacha dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle chun an Rialachán seo a leasú.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 15.01.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025R0038
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.