2. Measfar go bhfuil pacáistíocht in-athchúrsáilte má chomhlíonann sí na coinníollacha seo a leanas:
|
(a)
|
deartar í ar bhealach le haghaidh athchúrsáil ábhar a chumasaíonn úsáid na n-amhábhar tánaisteach a eascraíonn aisti agus atá ar cháilíocht atá leordhóthanach i gcomparáid leis an ábhar bunaidh gur féidir iad a úsáid chun amhábhair phríomhúla a ionadú, i gcomhréir le mír 4; agus
|
|
(b)
|
nuair a thagann sí chun bheith ina dramhaíl, is féidir í a bhailiú ar leithligh i gcomhréir le hAirteagal 48(1) agus (5); agus is féidir í a shórtáil ina sruthanna sonracha dramhaíola gan difear a dhéanamh d’in-athchúrsáilteacht sruthanna dramhaíola eile; agus is féidir í a athchúrsáil ar an mórchóir, ar bhonn na modheolaíochta a leagtar amach i gcomhréir le mír 5 den Airteagal seo.
|
Measfar maidir le pacáistíocht atá i gcomhréir leis na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun mhír 4 go gcomhlíonann sí an coinníoll a leagtar amach i bpointe (a) den chéad fhomhír den mhír seo.
Measfar maidir le pacáistíocht atá i gcomhréir leis na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun mhír 4 agus leis na gníomhartha cur chun feidhme de bhun mhír 5 go gcomhlíonann sí na coinníollacha a leagtar amach sa chéad fhomhír den mhír seo.
Beidh feidhm ag pointe (a) den chéad fhomhír den mhír seo ón 1 Eanáir 2030 nó 25 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm na ngníomhartha tarmligthe a ghlactar de bhun na chéad fhomhíre de mhír 4, cibé acu is déanaí.
Beidh feidhm ag pointe (b) den chéad fhomhír den mhír seo ón 1 Eanáir 2035 nó, a mhéid a bhaineann leis an gceanglas maidir le hathchúrsáil ar an mórchóir, ón 1 Eanáir 2035 nó 5 bliana ó dháta theacht i bhfeidhm na ngníomhartha cur chun feidhme a ghlactar de bhun mhír 5, cibé acu is déanaí.