+Airteagal 6 10

Airteagal 6 10

10.   De mhaolú ar mhíreanna 2 agus 3, ón 1 Eanáir 2030, féadfar pacáistíocht nuálach nach gcomhlíonann na ceanglais faoi mhír 2 a chur ar fáil ar an margadh suas le 5 bliana ó dheireadh na bliana féilire inar cuireadh ar an margadh í.

I gcás ina mbaintear úsáid as an maolú sin, tabharfaidh an t-oibreoir eacnamaíoch fógra don údarás inniúil sula gcuirfear an phacáistíocht nuálach ar an margadh agus áireoidh sé na sonraí teicniúla go léir lena léireofar gur pacáistíocht nuálach í an phacáistíocht. Áireofar san fhógra sin amlíne chun na ceanglais maidir le hathchúrsáil ar an mórchóir a bhaint amach maidir leis an bpacáistíocht nuálach a bhailiú agus a athchúrsáil. Cuirfear an fhaisnéis sin ar fáil don Choimisiún agus do na húdaráis náisiúnta a dhéanann faireachas margaidh.

Má mheasann an t-údarás inniúil nach pacáistíocht nuálach í an phacáistíocht, comhlíonfaidh an t-oibreoir eacnamaíoch na critéir maidir le dearadh le haghaidh athchúrsála atá ann cheana.

Má mheasann an t-údarás inniúil gur pacáistíocht nuálach í an phacáistíocht, cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas dá réir sin.

Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar iarrataí ó údaráis inniúla i ndáil le cineál nuálach na pacáistíochta agus déanfaidh sé gníomhartha tarmligthe nua a thabhairt cothrom le dáta nó a ghlacadh faoi mhír 4 den Airteagal seo, de réir mar is iomchuí.

Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar thionchar an mhaolaithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír ar chainníocht na pacáistíochta a chuirtear ar an margadh. Déanfaidh an Coimisiún togra reachtach a thíolacadh, i gcás inarb iomchuí, d’fhonn an fhomhír sin a leasú.

Beidh sé d’aidhm ag na Ballstáit ar bhonn leanúnach feabhas a chur ar bhonneagair bhailiúcháin agus shórtála le haghaidh pacáistíocht nuálach lena ngabhann tairbhí comhshaoil a mheastar a bheidh ann.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 22.01.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025R0040
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.