2. Roimh dóibh pacáistíocht a chur ar an margadh áiritheoidh allmhaireoirí na nithe seo a leanas:
|
(a)
|
go ndearna an monaróir an nós imeachta um measúnú comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 38 agus gur tharraing an monaróir suas an doiciméadacht theicniúil, dá dtagraítear in Iarscríbhinn VII agus a cheanglaítear faoi Airteagail 5 go 11 nó dá mbun;
|
|
(b)
|
go ndéantar an phacáistíocht a lipéadú i gcomhréir le hAirteagal 12;
|
|
(c)
|
go bhfuil na doiciméid is gá ag gabháil leis an bpacáistíocht; agus
|
|
(d)
|
gur chomhlíon an monaróir na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 15(5) agus (6).
|
I gcás ina measfaidh allmhaireoir nó go bhfuil údar aige chun a chreidiúint nach bhfuil pacáistíocht i gcomhréir leis na ceanglais is infheidhme a leagtar síos in Airteagail 5 go 12 nó dá mbun, ní chuirfidh an t-allmhaireoir an phacáistíocht sin ar an margadh go dtí go dtabharfar chun comhréireachta í.