4. Faoin 12 Feabhra 2028, áiritheoidh an t-oibreoirí eacnamaíocha a líonann an phacáistíocht díolacháin go laghdófar an spás folamh go dtí an t-íosmhéid is gá chun feidhmiúlacht na pacáistíochta a áirithiú, lena n-áirítear cosaint táirgí. Ciallóidh an cóimheas spáis folamh le haghaidh pacáistíocht díolacháin an difríocht idir toirt inmheánach iomlán na pacáistíochta díolacháin agus toirt an táirge pacáistithe
Chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh na míre seo, measfar gur spás folamh le ábhair líonta é, amhail gearrthóga páipéir, aerchúisíní, cumhdaigh bholgóideacha, líonaigh spúinse, líonaigh chúir, olann adhmaid, polaistiréin nó clocha Styrofoam.
Maidir le pacáistíocht díolacháin le haghaidh táirgí a laghdaíonn a dtoirt le linn iompair nó i gcás ina bhfuil idirspás de dhíth chun an táirge bia a chosaint, nó táirgí eile a bhfuil na saintréithe sin ag baint leo:
|
(a)
|
déanfar measúnú ar chomhlíonadh na míre seo mar leibhéal líonta an phacáiste tráth a líontar é;
|
|
(b)
|
ní mheasfar gur spás folamh an t-aer atá idir earraí bia pacáistithe ná atá laistigh díobh ná gur spás folamh atá i ngáis chosantacha.
|