+Airteagal 28 Oibleagáidí i ndáil le hathlíonadh
---+Airteagal 28 1
---+Airteagal 28 2
---+Airteagal 28 3
---+Airteagal 28 4
---+Airteagal 28 5

Airteagal 28 Oibleagáidí i ndáil le hathlíonadh

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 28 1

1.   Maidir le hoibreoirí eacnamaíocha a thugann an deis táirgí a cheannach trí athlíonadh, cuirfidh siad úsáideoirí deiridh ar an eolas faoin méid seo a leanas (rialacha le haghaidh athlíonta):

(a)

cineálacha coimeádán is féidir a úsáid chun na táirgí atá ar fáil a cheannach trí athlíonadh;

(b)

na caighdeáin sláinteachais maidir le hathlíonadh;

(c)

freagracht an úsáideora deiridh i ndáil le sláinte agus sábháilteacht maidir le húsáid na gcoimeádán, dá dtagraítear i bpointe (a).

Tabharfar na rialacha le haghaidh athlíonta chun dáta go tráthrialta agus beidh siad ar taispeáint go soiléir ar an áitribh nó curtha ar fáil d’úsáideoirí deiridh ar shlí eile.

Airteagal 28 2

2.   Áiritheoidh oibreoirí eacnamaíocha a thugann an deis táirgí a cheannach trí athlíonadh go gcomhlíonfaidh stáisiúin athlíonta na ceanglais a leagtar síos i gCuid C d’Iarscríbhinn VI agus aon cheanglais a leagtar síos i ngníomhartha reachtacha dlí de chuid an Aontais maidir le táirgí a dhíol trí athlíonadh.

Airteagal 28 3

3.   Áiritheoidh oibreoirí eacnamaíocha a thugann an deis táirgí a cheannach trí athlíonadh, má thairgtear pacáistíocht nó coimeádáin do na húsáideoirí deiridh ag stáisiúin athlíonta, nach gcuirfear an phacáistíocht agus na coimeádáin sin ar fáil saor in aisce mura mbeidh na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn VI á gcomhlíonadh acu nó go gcuirfear ar fáil iad mar chuid de chóras aisíoctha éarlaise.

Airteagal 28 4

4.   Féadfaidh oibreoirí eacnamaíocha diúltú coimeádán a chuireann an t-úsáideoir deiridh ar fáil a athlíonadh, mura gcomhlíonann an t-úsáideoir deiridh na rialacha le haghaidh athlíonta a chuir an t-oibreoir eacnamaíoch in iúl de bhun mhír 1, go háirithe má mheasann na hoibreoirí eacnamaíocha go bhfuil an coimeádán míshláinteach nó mí-oiriúnach don bhia nó deoch a dhíol. Ní bheidh aon dliteanas ar oibreoirí eacnamaíocha i leith sláinteachais nó fadhbanna sábháilteachta bia a eascraíonn as úsáid coimeádán arna soláthar ag an tomhaltóir deiridh.

Airteagal 28 5

5.   Ón 1 Eanáir 2030, féachfaidh dáileoirí deiridh a bhfuil achar díolacháin níos mó ná 400 m2 acu le 10 % den limistéar díolacháin sin a thiomnú do stáisiúin athlíonta le haghaidh táirgí bia agus táirgí neamhbhia araon.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 22.01.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025R0040
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.