1. Maidir le hoibreoirí eacnamaíocha a thugann an deis táirgí a cheannach trí athlíonadh, cuirfidh siad úsáideoirí deiridh ar an eolas faoin méid seo a leanas (rialacha le haghaidh athlíonta):
|
(a)
|
cineálacha coimeádán is féidir a úsáid chun na táirgí atá ar fáil a cheannach trí athlíonadh;
|
|
(b)
|
na caighdeáin sláinteachais maidir le hathlíonadh;
|
|
(c)
|
freagracht an úsáideora deiridh i ndáil le sláinte agus sábháilteacht maidir le húsáid na gcoimeádán, dá dtagraítear i bpointe (a).
|
Tabharfar na rialacha le haghaidh athlíonta chun dáta go tráthrialta agus beidh siad ar taispeáint go soiléir ar an áitribh nó curtha ar fáil d’úsáideoirí deiridh ar shlí eile.