19. Faoin 1 Eanáir 2034, agus éabhlóid úrscothacht na teicneolaíochta agus an taithí phraiticiúil atá faighte ag oibreoirí eacnamaíocha agus ag na Ballstáit á gcur san áireamh, tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil ina ndéanfar athbhreithniú ar chur chun feidhme spriocanna 2030 a leagtar amach san Airteagal seo. Sa tuarascáil sin, déanfaidh sé meastóireacht, lena n-áirítear ó thaobh an mheasúnaithe saolré ar phacáistíocht aon úsáide agus athúsáide, ar an méid seo a leanas:
|
(a)
|
a mhéid a tháinig réitigh as spriocanna 2030, ar réitigh iad lena gcothaítear pacáistíocht inbhuanaithe agus atá éifeachtach agus éasca le cur chun feidhme,
|
|
(b)
|
a indéanta atá sé na spriocanna a leagadh síos do 2040 a bhaint amach ar bhonn na taithí a fuarthas maidir le spriocanna 2030 a bhaint amach agus ar bhonn na n-imthosca atá ag teacht chun cinn,
|
|
(c)
|
a ábhartha atá sé na díolúintí agus na maoluithe a leagtar amach san Airteagal seo a choinneáil ar bun, agus
|
|
(d)
|
a riachtanaí nó a ábhartha atá sé spriocanna nua a leagan síos maidir le catagóirí pacáistíochta eile a athúsáid agus a athlíonadh.
|
Beidh measúnú tionchair ar fhostaíocht san áireamh sa tuarascáil ón gCoimisiún. Beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil, i gcás inarb iomchuí, lena leasófar an tAirteagal seo, go háirithe spriocanna 2040. Faoi mhí na Nollag 2032, cuirfidh na Ballstáit sonraí ar fáil don Choimisiún maidir leis an measúnú tionchair ar fhostaíocht a bhaineann le cur chun feidhme na spriocanna athúsáide ina gcríocha náisiúnta. Sula gcuirfidh na Ballstáit na sonraí faoi bhráid an Choimisiúin, cuirfidh siad ar an eolas agus rachaidh siad i gcomhairle leis na comhpháirtithe sóisialta náisiúnta a dhéanann ionadaíocht d'oibrithe agus d'fhostóirí sna hearnálacha a chumhdaítear le spriocanna athúsáide pacáistíochta.