+Airteagal 37 2

Airteagal 37 2

2.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, sonraíochtaí coiteanna a bhunú le haghaidh na gceanglas a leagtar síos in Airteagail 5 go 12, in Airteagal 24 agus in Airteagal 26 nó de bhun na nAirteagal sin i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

comhlíontar (i) nó (ii):

(i)

níor foilsíodh aon tagairt do chaighdeáin chomhchuibhithe lena gcumhdaítear na ceanglais ábhartha a leagtar síos in Airteagail 5 go 12, in Airteagal 24 agus in Airteagal 26 den Rialachán seo nó de bhun na nAirteagal sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 agus ní mheastar go bhfoilseofar an tagairt sin laistigh de thréimhse réasúnta; nó

(ii)

nó ní chomhlíontar leis an gcaighdeán atá ann cheana na ceanglais is aidhm don iarraidh a chumhdach; agus

(b)

d’iarr an Coimisiún, de bhun Airteagal 10(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012, ar eagraíocht Eorpach um chaighdeánú amháin nó níos mó chun caighdeán comhchuibhithe le haghaidh na gceanglas a leagtar síos in Airteagail 5 go 12, in Airteagal 24 agus in Airteagal 26 den Rialachán seo nó de bhun na nAirteagal sin a dhréachtú nó a athbhreithniú agus comhlíontar ceachtar de na coinníollacha seo a leanas:

(i)

níor ghlac aon cheann de na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú leis an iarraidh a seoladh chucu; nó

(ii)

ghlac ceann amháin ar a laghad de na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú leis an iarraidh a seoladh chucu; ach maidir leis na caighdeáin chomhchuibhithe a iarradh:

—

níor glacadh iad laistigh den sprioc-am a leagadh síos san iarraidh,

—

ní chomhlíonann siad an iarraidh, nó

—

níl siad go hiomlán i gcomhréir leis na ceanglais is cuspóir dóibh a chumhdach.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 65(2).

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 22.01.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025R0040
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.