2. Déanfaidh na Ballstáit meáchan na dramhaíola ó phacáistíocht atá ginte i mbliain féilire ar leith a ríomh. Déanfar ríomh uileghabhálach ar an dramhaíl ó phacáistíocht i mBallstát.
Beidh an mhodheolaíocht chun an dramhaíl ó phacáistíocht a ghintear a ríomh bunaithe ar na cuir chuige seo a leanas:
|
(a)
|
an phacáistíocht a chuirtear ar fáil ar an margadh i gcríoch Ballstáit, nó a dhéanann táirgeoir a dhíphacáil gan bheith ina úsáideoir deiridh, an bhliain shonrach sin; nó
|
|
(b)
|
an méid dramhaíola ó phacáistíocht a ghintear an bhliain chéanna sa Bhallstát sin.
|
Déanfar ríomhanna arna ndéanamh faoin mír seo a choigeartú chun inchomparáideacht, iontaofacht agus uileghabhálacht na dtorthaí a áirithiú i gcomhréir leis na ceanglais agus na fíoruithe atá le bunú leis an ngníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 56(7), pointe (a).