+Airteagal 59 Nós imeachta coimirce an Aontais
---+Airteagal 59 1
---+Airteagal 59 2
---+Airteagal 59 3
---+Airteagal 59 4

Airteagal 59 Nós imeachta coimirce an Aontais

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 59 1

1.   Más rud é, tar éis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 58(5) agus (6) a chur i gcrích, go ndéantar agóidí in aghaidh beart arna dhéanamh ag Ballstát de bhun Airteagal 58, nó i gcás ina measann an Coimisiún go bhfuil beart náisiúnta contrártha le dlí an Aontais, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle gan mhoill leis na Ballstáit agus leis an oibreoir eacnamaíoch ábhartha agus déanfar meastóireacht ar an mbeart náisiúnta. Ar bhonn thorthaí na meastóireachta sin, glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme lena gcinntear cé acu atá nó nach bhfuil údar leis an mbeart náisiúnta.

Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 65(2).

Airteagal 59 2

2.   Díreoidh an Coimisiún an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 chuig na Ballstáit uile agus cuirfidh sé é in iúl dóibh agus don oibreoir eacnamaíoch ábhartha gan mhoill.

Má mheastar go bhfuil bonn cirt leis an mbeart náisiúnta, déanfaidh na Ballstáit eile na bearta is gá lena áirithiú go dtarraingeofar an phacáistíocht neamhchomhlíontach siar óna margadh, agus cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas dá réir sin.

Má mheastar nach bhfuil bonn cirt leis an mbeart náisiúnta, tarraingeoidh an Ballstát lena mbaineann siar an beart sin.

Airteagal 59 3

3.   I gcás ina meastar go bhfuil bonn cirt leis an mbeart náisiúnta agus go gceanglaítear neamhchomhlíonadh na pacáistíochta le heasnaimh sna caighdeáin chomhchuibhithe dá dtagraítear in Airteagal 36 den Rialachán seo, cuirfidh an Coimisiún an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 11 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 i bhfeidhm.

Airteagal 59 4

4.   I gcás ina meastar go bhfuil údar leis an mbeart náisiúnta agus ina ndéanfar neamhchomhlíonadh na pacáistíochta a chur i leith easnaimh sna sonraíochtaí teicniúla coiteanna dá dtagraítear in Airteagal 37, déanfaidh an Coimisiún, gan mhoill, na sonraíochtaí teicniúla coiteanna lena mbaineann a ghlacadh, a leasú nó a aisghairm.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 22.01.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025R0040
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.