2. Faoi réir mír 3 agus 4 den Airteagal seo, tá feidhm ag Teideal II maidir le rialacha i ndáil le rannpháirtíocht agus scaipeadh Rialachán (AE) 2021/695 maidir le gníomhaíochtaí a fhaigheann tacaíocht faoi Chlár Euratom 2026-2027. Déanfar tagairtí don Aontas agus don chlár Fís Eorpach i Rialachán (AE) 2021/695 a fhorléiriú mar thagairtí don Chomhphobal agus do Chlár Euratom 2026-2027, i gcás inarb iomchuí. Déanfar tagairtí do ‘rialacha slándála’ i Rialachán (AE) 2021/695 a fhorléiriú mar thagairtí lena gcuimsítear leasanna cosanta na mBallstát de réir bhrí Airteagal 24 de Chonradh Euratom.