+Airteagal 9 Gníomhaíochtaí incháilithe agus rialacha maidir le rannpháirtíocht agus scaipeadh torthaí taighde
---+Airteagal 9 1
---+Airteagal 9 2
---+Airteagal 9 3
---+Airteagal 9 4
---+Airteagal 9 5
|
Airteagal 9 Gníomhaíochtaí incháilithe agus rialacha maidir le rannpháirtíocht agus scaipeadh torthaí taighde
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 9 1
|
1. Níl incháilithe chun cistiú a fháil ach gníomhaíochtaí lena gcuirtear na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3 chun feidhme.
|
|
Airteagal 9 2
|
2. Faoi réir mír 3 agus 4 den Airteagal seo, tá feidhm ag Teideal II maidir le rialacha i ndáil le rannpháirtíocht agus scaipeadh Rialachán (AE) 2021/695 maidir le gníomhaíochtaí a fhaigheann tacaíocht faoi Chlár Euratom 2026-2027. Déanfar tagairtí don Aontas agus don chlár Fís Eorpach i Rialachán (AE) 2021/695 a fhorléiriú mar thagairtí don Chomhphobal agus do Chlár Euratom 2026-2027, i gcás inarb iomchuí. Déanfar tagairtí do ‘rialacha slándála’ i Rialachán (AE) 2021/695 a fhorléiriú mar thagairtí lena gcuimsítear leasanna cosanta na mBallstát de réir bhrí Airteagal 24 de Chonradh Euratom.
|
|
Airteagal 9 3
|
3. De mhaolú ar Airteagal 40(4) de Rialachán (AE) 2021/695, an ceart chun agóid a dhéanamh in aghaidh aistrithe úinéireachta torthaí nó in aghaidh ceadúnas eisiach a dheonú maidir le torthaí, féadfar an ceart sin a leathnú chun deonú ceadúnas neamheisiach a chumhdach.
|
|
Airteagal 9 4
|
4. De mhaolú ar Airteagal 41(9) de Rialachán (AE) 2021/695, tabharfaidh tairbhí, ar tugadh maoiniú Comhphobail dó, rochtain saor ó ríchíosanna ar a thorthaí d’institiúidí an Chomhphobail, do chomhlachtaí cistiúcháin nó don Chomhghnóthas Eorpach um ITER agus um Fhuinneamh Comhleá a Fhorbairt (Fuinneamh Comhleá) arna bhunú le Cinneadh 2007/198/Euratom (‘an Comhghnóthas um Fhuinneamh Comhleá’), chun beartais agus cláir nó oibleagáidí Comhphobail a fhorbairt, a chur chun feidhme agus faireachán a dhéanamh orthu faoi chomhar idirnáisiúnta le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta. Cuimseofar leis na cearta rochtana sin an ceart chun a údarú do thríú páirtithe na torthaí a úsáid chun críoch soláthair phoiblí agus an ceart chun focheadúnas a dheonú. Beidh cearta rochtana teoranta d’úsáid neamhthráchtála agus neamhiomaíoch.
|
|
Airteagal 9 5
|
5. Leis an sásra árachais fhrithpháirtigh, arna bhunú de bhun Rialachán (AE) 2021/695, cumhdófar an riosca a bhaineann le suimeanna dlite nach ngnóthaítear ó na tairbhithe don Choimisiún nó do chomhlachtaí cistiúcháin faoin Rialachán seo.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 03.07.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025R1304
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|