1. Déanfaidh an Coimisiún faireachán leanúnach ar bhainistiú agus ar chur chun feidhme Chlár Euratom 2026-2027. Chun an trédhearcacht a fheabhsú, cuirfear na sonraí sin ar fáil go poiblí ar bhealach inrochtana ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin de réir an nuashonraithe is déanaí ar na sonraí sin.
Leagtar amach in Iarscríbhinn II táscairí a bheidh le tuairisciú ar bhonn bliantúil maidir le dul chun cinn Chlár Euratom 2026-2027 chun na cuspóirí a bhunaítear in Airteagal 3 a bhaint amach ar feadh na gconairí tionchair.