+Airteagal 13 Faisnéis, cumarsáid, poiblíocht agus scaipeadh agus saothrú
---+Airteagal 13 1
---+Airteagal 13 2
---+Airteagal 13 3
---+Airteagal 13 4

Airteagal 13 Faisnéis, cumarsáid, poiblíocht agus scaipeadh agus saothrú

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 13 1

1.   Maidir le faighteoirí an chistithe ó Chlár Euratom 2026-2027, tabharfaidh siad aitheantas d’fhoinse na gcistí sin agus áiritheoidh siad infheictheacht an chistithe ón gComhphobal, go háirithe nuair a bhíonn na gníomhaíochtaí agus a dtorthaí á gcur chun cinn, trí fhaisnéis spriocdhírithe atá comhleanúnach, éifeachtach agus comhréireach a sholáthar do shainghrúpaí éagsúla, lena n-áirítear na meáin agus an pobal.

Airteagal 13 2

2.   Cuirfidh an Coimisiún chun feidhme gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide a bhaineann le Clár Euratom 2026-2027, leis na gníomhaíochtaí a rinneadh de bhun Chlár Euratom 2026-2027 agus leis na torthaí a baineadh amach. Sa bhreis air sin, soláthróidh sé faisnéis chríochnaitheach thráthúil do na Ballstáit agus do na tairbhithe. Déanfar seirbhísí fianaisebhunaithe meaitseála, atá bunaithe ar an anailísíocht agus ar fhiníochtaí líonraí, a sholáthar do na heintitis leasmhara chun cuibhreannais a bhunú i ndáil le tionscadail chomhoibríocha, agus aird ar leith á tabhairt ar na deiseanna líonraithe a shainaithint le haghaidh eintitis dhlítheanacha ó Bhallstáit arb íseal a bhfeidhmíocht maidir le taighde agus nuálaíocht. Ar bhonn na hanailíse sin, féadfar imeachtaí meaitseála spriocdhírithe a eagrú i ndáil le glaonna sonracha ar thograí.

Airteagal 13 3

3.   Chomh maith leis sin, bunóidh an Coimisiún straitéis maidir le scaipeadh agus saothrú chun cur le hinfhaighteacht agus scaipeadh thorthaí taighde agus nuálaíochta Chlár Euratom 2026-2027, agus le hinfhaighteacht agus scaipeadh an eolais a d’eascair as an gclár sin chun dlús a chur leis an saothrú chun cur leis an nglacadh sa mhargadh, cur leis an gcomhar sa taighde agus chun cur le tionchar Chlár Euratom 2026-2027.

Airteagal 13 4

4.   Na hacmhainní airgeadais a leithdháilfear ar Chlár Euratom 2026-2027, rannchuideoidh siad freisin leis an gcumarsáid chorparáideach i ndáil le tosaíochtaí polaitiúla an Chomhphobail, chomh maith le gníomhaíochtaí faisnéise, cumarsáide, poiblíochta, scaipthe agus saothraithe a mhéid a bhaineann siad leis na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 03.07.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025R1304
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.