2. Ag deireadh chur chun feidhme Chlár Euratom 2026-2027, ach tráth nach déanaí ná 4 bliana tar éis dheireadh na tréimhse a shonraítear in Airteagal 1, déanfaidh an Coimisiún, le cúnamh ó shaineolaithe neamhspleácha arna roghnú trí phróiseas trédhearcach, meastóireacht deiridh ar Chlár Euratom 2026-2027 agus ar Chlár Euratom 2021-2025. Cuimseofar leis sin measúnú ar an tionchar fadtéarmach a bhí ag Cláir Thaighde agus Oiliúna Euratom a bhí ann roimhe seo agus ar éifeachtacht, éifeachtúlacht, ábharthacht, comhleanúnachas agus breisluach Comhphobail Chlár Euratom 2026-2027.