+Airteagal 22 3
|
Airteagal 22 3
3. Agus é ag seachfhoinsiú chuig tríú páirtí nó chuig eintiteas inghrúpa, beidh socruithe conarthacha i scríbhinn i bhfeidhm ag oibreoir SIPS idir é féin agus soláthraí na seirbhísí seachfhoinsithe. Déanfar an méid seo a leanas, ar a laghad, le forálacha na socruithe conarthacha:
|
(a)
|
áiritheofar leis na forálacha sin go gcomhlíonann an t-oibreoir SIPS na hoibleagáidí atá air de dhroim an Rialacháin seo, dlíthe eile is infheidhme, ceanglais rialála agus conarthaí;
|
|
(b)
|
áireofar sna forálacha sin tuairisc shoiléir bheacht ar na feidhmeanna, na hoibríochtaí agus/nó na seirbhísí seachfhoinsithe, ar fheidhmeanna sholáthraí na seirbhísí seachfhoinsithe agus freisin ar leithdháileadh chearta agus oibleagáidí na bpáirtithe sna socruithe conarthacha;
|
|
(c)
|
áiritheofar leis na forálacha na socruithe conarthacha ar a laghad cearta an údaráis inniúil ábhartha a chumhachtaí a fheidhmiú faoi Airteagal 29(1), pointe (a), den Rialachán seo agus, i gcás seachfhoinsiú a bhaineann le feidhmeanna, oibríochtaí agus/nó seirbhísí criticiúla SIPS mar a shainaithnítear in Airteagal 10(4), áiritheofar leo freisin cearta an údaráis inniúil ábhartha a chumhachtaí a fheidhmiú faoi Airteagal 29(1), pointí (b) agus (c), den Rialachán seo.
|
|
(d)
|
sonrófar leis na forálacha sin an gceadaítear fo-sheachfhoinsiú feidhmeanna, oibríochtaí agus/nó seirbhísí criticiúla an SIPS agus na coinníollacha a mbeadh feidhm acu sna cásanna sin, agus lena n-áiritheofar go gcomhlíonann an t-oibreoir SIPS ceanglais an Rialacháin seo;
|
|
(e)
|
áiritheofar leis na forálacha sin ceart an oibreora SIPS an socrú conarthach a fhoirceannadh i gcás sáruithe suntasacha ar dhlíthe, ar rialacháin nó ar théarmaí conarthacha agus mura féidir comhlíonadh na gceanglas faoin Airteagal seo a áirithiú.
|
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 14.07.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025R1355
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|