1. Arna iarraidh sin don Choimisiún, déanfaidh na Gníomhaireachtaí sonraí ceimiceán a óstáil agus a chothabháil, ar sonraí iad arna nginiúint mar chuid de dhlí an Aontais, den dlí náisiúnta nó idirnáisiúnta, de chláir nó ó ghníomhaíochtaí taighde, a chomhfhreagraíonn dá sainordú agus don chineál sonraí a bhfuil seilbh acu orthu cheana féin. Ina theannta sin, féadfaidh Gníomhaireachtaí, i gcomhréir lena sainordú, sonraí ceimiceán arna gcur faoina mbráid ag Ballstáit nó ag páirtithe eile, lena n-áirítear gníomhaireachtaí náisiúnta, institiúidí taighde agus eagraíochtaí tríú tír, a óstáil agus a chothabháil.