+Airteagal 8 Stór luachanna tagartha
---+Airteagal 8 1
---+Airteagal 8 2
---+Airteagal 8 3
---+Airteagal 8 4
---+Airteagal 8 5
---+Airteagal 8 6
|
Airteagal 8 Stór luachanna tagartha
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 8 1
|
1. Déanfaidh ECHA stór luachanna tagartha a bhunú agus a bhainistiú mar chuid den ardán sonraí comhchoiteann.
|
|
Airteagal 8 2
|
2. Gan mhoill, áireoidh ECHA aon luach tagartha a ghlactar faoi ghníomhartha dlí an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn I sa stór luachanna tagartha.
|
|
Airteagal 8 3
|
3. Maidir le luachanna tagartha nár glacadh faoi ghníomhartha dlí an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn I, i ndáil leis na Gníomhaireachtaí a bhfuil luachanna tagartha ina seilbh acu nó a bhunaíonn luachanna tagartha mar chuid dá ngníomhaíochtaí faoi ghníomhartha dlí an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn I, Cuid 1, nó na luachanna tagartha dá dtagraítear in Iarscríbhinn II, cuirfidh siad na luachanna tagartha sin ar fáil do ECHA gan mhoill, sna formáidí caighdeánacha dá ndéantar foráil in Airteagal 17, i gcás ina bhfuil siad ar fáil, agus chun na luachanna tagartha a ionchorprú sa stór.
|
|
Airteagal 8 4
|
4. Chun críoch mhír 3, i gcás ina n-áirítear luachanna tagartha i sainchomhad rialála arna gcur isteach chuig na Gníomhaireachtaí, roinnfidh na Gníomhaireachtaí sin na luachanna tagartha sin i bhformáidí caighdeánacha le ECHA gan mhoill a luaithe a chuirfidh an tionscnóir measúnuithe bailíochta agus rúndachta ábhartha i gcrích i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme.
|
|
Airteagal 8 5
|
5. Gan mhoill, áireoidh ECHA sa stór luachanna tagartha, aon luach tagartha a mheasann sé a bheith ábhartha agus a ghintear mar chuid de chláir de chuid an Aontais, de chláir náisiúnta nó idirnáisiúnta, nó ó ghníomhaíochtaí taighde, agus a chuirtear ar fáil do ECHA sna formáidí caighdeánacha dá dtagraítear in Airteagal 17, i gcás inar forbraíodh formáid chaighdeánach den sórt sin.
|
|
Airteagal 8 6
|
6. Áiritheoidh ECHA go bhfuil na sonraí atá sa stór luachanna tagartha inléite ag meaisín.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 12.12.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025R2455
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|