3. Maidir le luachanna tagartha nár glacadh faoi ghníomhartha dlí an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn I, i ndáil leis na Gníomhaireachtaí a bhfuil luachanna tagartha ina seilbh acu nó a bhunaíonn luachanna tagartha mar chuid dá ngníomhaíochtaí faoi ghníomhartha dlí an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn I, Cuid 1, nó na luachanna tagartha dá dtagraítear in Iarscríbhinn II, cuirfidh siad na luachanna tagartha sin ar fáil do ECHA gan mhoill, sna formáidí caighdeánacha dá ndéantar foráil in Airteagal 17, i gcás ina bhfuil siad ar fáil, agus chun na luachanna tagartha a ionchorprú sa stór.