2. Chun críocha mhír 1, tabharfaidh oibreoirí gnó fógra don Bhunachar Sonraí d’Fhógraí Staidéir dá dtagraítear in Airteagal 9 den Rialachán seo faoi chéannacht na gceimiceán lena mbaineann, teideal agus raon feidhme an staidéir, an tsaotharlann nó saoráid tástála ina ndéantar an staidéar, dátaí tosaithe agus críochnaithe beartaithe, agus, i gcás inarb ábhartha, cé acu atá nó nach bhfuil an staidéar coimisiúnaithe chun cinneadh ECHA a chomhlíonadh de bhun Airteagail 40, 41 nó 46 de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006.
Tráth a choimisiúnaítear staidéar, cuirfidh oibreoirí gnó an tsaotharlann nó an tsaoráid tástála ina ndéantar an staidéar ar an eolas go bhfuil an staidéar faoi réir na hoibleagáide maidir le fógra a thabhairt de bhun mhír 3 den Airteagal seo.