1. Chun a áirithiú go liostaítear in Iarscríbhinn I gach gníomh dlí ábhartha de chuid an Aontais ar dá mbun a ghintear sonraí ceimiceán nó faoina gcuirtear sonraí ceimiceán faoi bhráid na nGníomhaireachtaí nó an Choimisiúin, agus chun an t-ardán sonraí comhchoiteann a choinneáil cothrom le dáta, a luaithe a thagann gníomhartha dlí nua de chuid an Aontas, ar dá mbun a ghintear nó a chuirtear isteach sonraí ceimiceán, chun feidhme, nó a luaithe a leasaítear gníomh dlí de chuid an Aontais atá ann cheana chun forálacha a thabhairt isteach maidir le giniúint nó cur isteach sonraí, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 28 chun Iarscríbhinn I a leasú trí na gníomhartha dlí sin de chuid an Aontais a chur leis an Iarscríbhinn sin, i gcás nár leasaigh an gníomh dlí nua de chuid an Aontais lena mbaineann Iarscríbhinn I dá réir sin.