6. Sula gcuirfear glantaigh nó dromchlaghníomhaithe úsáideora deiridh ar meascáin iad nach bhfuil aon oibleagáid ann faisnéis a sholáthar ina leith i gcomhréir le hAirteagal 45 de Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008, soláthróidh na monaróirí atá bunaithe san Aontas an bhileog sonraí comhábhar dá dtagraítear i bpointe 2.2 (e) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo (‘an bhileog sonraí comhábhar’) do na comhlachtaí arna gceapadh ag na Ballstáit i gcomhréir leis an Airteagal sin (‘na comhlachtaí ceaptha’). I gcás nach gcomhfhreagraíonn an glantach ná an dromchlaghníomhaí úsáideora deiridh ar cuireadh bileog sonraí comhábhar isteach ina leith cheana féin don fhaisnéis atá ar an mbileog sonraí comhábhar sin, cuirfidh na monaróirí bileog sonraí comhábhar nuashonraithe isteach. Cuirfear an bhileog sonraí comhábhar isteach trí mheán leictreonach san fhormáid arna soláthar ag an nGníomhaireacht Eorpach Ceimiceán agus cuirfear ar fáil saor in aisce í le haghaidh fógraí i gcomhréir le Cuid A, Roinn 3.1, an dara mír, d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008. Beidh an bhileog i dteanga is féidir leis na comhlachtaí ceaptha a thuiscint go héasca, teanga a chinnfidh an Ballstát ina gcuirtear an táirge ar fáil ar an margadh.