+Airteagal 8 Oibleagáidí na monaróirí
---+Airteagal 8 1
---+Airteagal 8 2
---+Airteagal 8 3
---+Airteagal 8 4
---+Airteagal 8 5
---+Airteagal 8 6
---+Airteagal 8 7
---+Airteagal 8 8
---+Airteagal 8 9
---+Airteagal 8 10
---+Airteagal 8 11
|
Airteagal 8 Oibleagáidí na monaróirí
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 8 1
|
1. Agus glantaigh nó dromchlaghníomhaithe á gcur ar an margadh acu, áiritheoidh na monaróirí gur dearadh agus gur monaraíodh na glantaigh agus na dromchlaghníomhaithe sin i gcomhréir leis an Rialachán seo.
|
|
Airteagal 8 2
|
2. Tarraingeoidh na monaróirí suas an doiciméadacht theicniúil a leagtar amach in Iarscríbhinn IV agus déanfaidh siad an nós imeachta um measúnú comhréireachta a leagtar amach san Iarscríbhinn sin.
I gcás ina léireofar, tríd an nós imeachta dá dtagraítear sa chéad fhomhír, go gcomhlíonann glantach nó dromchlaghníomhaí úsáideora deiridh na ceanglais is infheidhme, sula gcuirfear an táirge ar an margadh déanfaidh na monaróirí an méid seo a leanas:
|
(a)
|
pas táirge digiteach a chruthú i gcomhréir le hAirteagal 21;
|
|
(b)
|
a áirithiú go bhfuil an t-iompróir sonraí ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 21(4); agus
|
|
(c)
|
tagairt don phas táirge digiteach a áireamh sa chlárlann dá dtagraítear in Airteagal 24(1) (‘an chlárlann’).
|
|
|
Airteagal 8 3
|
3. Coimeádfaidh na monaróirí an doiciméadacht theicniúil agus an pas táirge digiteach ar feadh 10 mbliana ón dáta ar a chuirtear an glantach nó an dromchlaghníomhaí ar an margadh, agus, i gcás inar gá, nuashonróidh siad iad.
|
|
Airteagal 8 4
|
4. Áiritheoidh na monaróirí go mbeidh nósanna imeachta i bhfeidhm a fhágfaidh go mbeidh an táirgeadh sraithe comhréireach i gcónaí. Cuirfear san áireamh go leordhóthanach athruithe ar dhearadh nó ar shaintréithe an táirge chomh maith le hathruithe ar na modhanna tástála a ndearbhaítear comhréireacht táirge trína mbíthin.
Nuair a mheastar é a bheith iomchuí maidir le feidhmíocht nó maidir leis na rioscaí a bhaineann le glantach nó dromchlaghníomhaí, déanfaidh na monaróirí tástáil shamplach ar an nglantach sin nó ar an dromchlaghníomhaí sin, imscrúdóidh siad gearáin agus, más gá, coimeádfaidh siad clár um ghearáin maidir le glantaigh nó dromchlaghníomhaithe neamh-chomhlíontacha agus maidir le haisghairm na nglantach nó na ndromchlaghníomhaithe sin, agus coimeádfaidh siad dáileoirí ar an eolas faoi aon fhaireachán mar sin.
|
|
Airteagal 8 5
|
5. Áiritheoidh na monaróirí a chuireann glantaigh nó dromchlaghníomhaithe ar an margadh go gcomhlíonfaidh na glantaigh nó na dromchlaghníomhaithe sin Airteagal 17(1), (3), (4) agus (5), Airteagal 18(1) agus Airteagal 19(1) agus (2) agus, i gcás inarb infheidhme, Airteagal 17(2), Airteagal 18(2) agus Airteagal 19(3).
|
|
Airteagal 8 6
|
6. Sula gcuirfear glantaigh nó dromchlaghníomhaithe úsáideora deiridh ar meascáin iad nach bhfuil aon oibleagáid ann faisnéis a sholáthar ina leith i gcomhréir le hAirteagal 45 de Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008, soláthróidh na monaróirí atá bunaithe san Aontas an bhileog sonraí comhábhar dá dtagraítear i bpointe 2.2 (e) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo (‘an bhileog sonraí comhábhar’) do na comhlachtaí arna gceapadh ag na Ballstáit i gcomhréir leis an Airteagal sin (‘na comhlachtaí ceaptha’). I gcás nach gcomhfhreagraíonn an glantach ná an dromchlaghníomhaí úsáideora deiridh ar cuireadh bileog sonraí comhábhar isteach ina leith cheana féin don fhaisnéis atá ar an mbileog sonraí comhábhar sin, cuirfidh na monaróirí bileog sonraí comhábhar nuashonraithe isteach. Cuirfear an bhileog sonraí comhábhar isteach trí mheán leictreonach san fhormáid arna soláthar ag an nGníomhaireacht Eorpach Ceimiceán agus cuirfear ar fáil saor in aisce í le haghaidh fógraí i gcomhréir le Cuid A, Roinn 3.1, an dara mír, d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008. Beidh an bhileog i dteanga is féidir leis na comhlachtaí ceaptha a thuiscint go héasca, teanga a chinnfidh an Ballstát ina gcuirtear an táirge ar fáil ar an margadh.
|
|
Airteagal 8 7
|
7. Soláthróidh na monaróirí atá bunaithe lasmuigh den Aontas an fhaisnéis agus an doiciméadacht ar fad is gá don ionadaí údaraithe nó don allmhaireoir chun comhlíontacht an ghlantaigh nó an dromchlaghníomhaí leis an Rialachán seo a léiriú.
|
|
Airteagal 8 8
|
8. I gcás ina measann na monaróirí nó i gcás ina mbíonn cúis acu a chreidiúint nach gcomhlíonann glantach nó dromchlaghníomhaí atá curtha ar an margadh acu an Rialachán seo, déanfaidh siad an beart ceartaitheach is gá láithreach chun go mbeidh an glantach nó an dromchlaghníomhaí i gcomhréir leis, chun é a tharraingt siar nó chun é a aisghairm, de réir mar is iomchuí. Thairis sin, i gcás ina measann na monaróirí, nó ina bhfuil cúis acu a chreidiúint, go bhfuil riosca do shláinte an duine nó don chomhshaol ag baint le glantach nó le dromchlaghníomhaí atá curtha ar an margadh acu, cuirfidh siad údaráis náisiúnta inniúla na mBallstát inar chuir siad ar fáil ar an margadh é ar an eolas láithreach ina thaobh sin, agus tabharfaidh siad mionsonraí, go háirithe, faoi aon neamhchomhlíonadh agus faoi aon bheart ceartaitheach a rinneadh.
|
|
Airteagal 8 9
|
9. Áiritheoidh monaróirí go gcoinneofar oibreoirí eacnamaíocha eile sa slabhra soláthair lena mbaineann ar an eolas gan moill mhíchuí maidir le haon neamhchomhlíonadh nó aon riosca do shláinte an duine nó don chomhshaol a shainaithin siad agus maidir le haon ghníomhaíocht cheartaitheach, aisghairm nó tarraingt siar dá bharr sin.
|
|
Airteagal 8 10
|
10. Mar thoradh ar iarraidh réasúnaithe ó údarás náisiúnta inniúil, déanfaidh monaróirí an fhaisnéis agus an doiciméadacht ar fad is gá chun a léiriú go bhfuil an Rialachán seo á chomhlíonadh ag an nglantach nó ag an dromchlaghníomhaí a chuir siad ar an margadh a chur ar fáil don údarás sin, i bhfoirm leictreonach agus, arna iarraidh sin, i bhfoirm páipéir, i dteanga is féidir leis an údarás sin a thuiscint go héasca. Oibreoidh monaróirí i gcomhar leis an údarás sin, arna iarraidh sin dó, maidir le haon ghníomhaíocht a dhéanfar chun deireadh a chur leis na rioscaí a bhaineann leis an nglantach nó an dromchlaghníomhaí sin.
|
|
Airteagal 8 11
|
11. Cuirfidh monaróirí a mbealaí cumarsáide, amhail uimhir theileafóin, seoladh leictreonach nó cuid ar leith dá suíomh gréasáin, ar fáil go poiblí ar a suíomh gréasáin, agus riachtanais inrochtaineachta daoine faoi mhíchumas á gcur i gcuntas, lena gcuirfear ar chumas úsáideoirí deiridh gearáin a chur isteach maidir le neamhchomhlíonadh féideartha táirgí nó saincheisteanna sábháilteachta.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 02.03.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32026R0405
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|