+Airteagal 22 Dearadh teicniúil agus oibriú an phas táirge dhigitigh
---+Airteagal 22 (a)
---+Airteagal 22 (b)
---+Airteagal 22 (c)
---+Airteagal 22 (d)
---+Airteagal 22 (e)
---+Airteagal 22 (f)
---+Airteagal 22 (g)
---+Airteagal 22 (h)
---+Airteagal 22 (i)
---+Airteagal 22 (j)
|
Airteagal 22 Dearadh teicniúil agus oibriú an phas táirge dhigitigh
Comhlíonfaidh dearadh teicniúil agus oibriú an phas táirge dhigitigh gach ceann de na ceanglais seo a leanas:
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 22 (a)
|
tá an pas táirge digiteach go hiomlán idir-inoibritheach le pasanna táirge digiteacha eile a cheanglaítear le dlí eile de chuid an Aontais i ndáil leis na gnéithe teicniúla, séimeantacha agus eagraíochtúla a bhaineann le cumarsáid agus le haistriú sonraí ó cheann go ceann;
|
|
Airteagal 22 (b)
|
tá na sonraí go léir atá sa phas táirge digiteach bunaithe ar chaighdeáin oscailte, a fhorbraítear i bhformáid idir-inoibritheach, agus tá siad, de réir mar is iomchuí, inléite ag meaisín, struchtúrtha, inchuardaithe agus inaistrithe trí líonra malartaithe sonraí idir-inoibritheach oscailte gan gaibhniú díoltóirí;
|
|
Airteagal 22 (c)
|
tá rochtain saor in aisce ag tomhaltóirí nó úsáideoirí deiridh eile, oibreoirí eacnamaíocha, údaráis inniúla náisiúnta, údaráis chustaim, an Coimisiún agus gníomhaithe ábhartha eile, ar bhonn a gceart rochtana faoi seach, i gcomhréir le dlí an Aontais, ar an bpas táirge digiteach;
|
|
Airteagal 22 (d)
|
ní cheanglaítear ar thomhaltóirí ná ar úsáideoirí deiridh eile clárú ná pasfhocal a sholáthar chun rochtain a fháil ar an bpas táirge digiteach;
|
|
Airteagal 22 (e)
|
is é an t-oibreoir eacnamaíoch atá freagrach as an bpas táirge digiteach a chruthú, nó soláthraithe seirbhíse pasanna táirge digiteacha, a stórálfaidh an pas táirge digiteach;
|
|
Airteagal 22 (f)
|
i gcás ina gcruthaítear pas táirge digiteach nua le haghaidh glantach nó le haghaidh dromchlaghníomhaí úsáideora deiridh a bhfuil pas táirge digiteach amháin nó níos mó aige cheana féin, déantar an pas táirge digiteach nua a nascadh leis na pasanna bunaidh táirge digiteacha sin;
|
|
Airteagal 22 (g)
|
i gcás ina ndéanann soláthraithe seirbhíse pasanna táirge digiteacha an pas táirge digiteach a stóráil de bhun phointe (e) den Airteagal seo nó a phróiseáil ar bhealach eile de bhun Airteagal 21(12), pointe (c), ní dhéanann na soláthraithe seirbhíse pasanna táirge digiteacha sin na sonraí sin a dhíol, a athúsáid ná a phróiseáil, go hiomlán nó go páirteach, thar a bhfuil riachtanach chun na seirbhísí stórála nó próiseála ábhartha a sholáthar, ach amháin má chomhaontaítear go sonrach leis an oibreoir eacnamaíoch a chuireann glantach nó dromchlaghníomhaí úsáideora deiridh ar an margadh a leithéid a dhéanamh;
|
|
Airteagal 22 (h)
|
ní dhéanann oibreoirí eacnamaíocha aon fhaisnéis úsáide a rianú, a anailísiú ná a úsáid ach amháin a mhéid is fíorghá chun an fhaisnéis ar an bpas táirge digiteach a sholáthar ar líne; go háirithe, ní stóráiltear sonraí pearsanta a bhaineann le tomhaltóir nó úsáideoir deiridh eile an ghlantaigh nó an dromchlaghníomhaí úsáideora deiridh sa phas táirge digiteach gan a dtoiliú sainráite a bheith tugtha i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22);
|
|
Airteagal 22 (i)
|
áirithítear fíordheimhniú, iontaofacht agus sláine sonraí;
|
|
Airteagal 22 (j)
|
déantar pasanna táirge digiteacha a dhearadh agus a oibriú ar shlí lena n-áirithítear ardleibhéal slándála agus príobháideachais agus lena seachnófar calaois.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 02.03.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32026R0405
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|