+Airteagal 23 Iompróirí sonraí agus aitheantóirí uathúla
---+Airteagal 23 1
---+Airteagal 23 2
---+Airteagal 23 3
---+Airteagal 23 4
---+Airteagal 23 5
|
Airteagal 23 Iompróirí sonraí agus aitheantóirí uathúla
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 23 1
|
1. Comhlíonfaidh an t-iompróir sonraí, na haitheantóirí táirge uathúla agus na haitheantóirí oibreora uathúla a cheanglaítear de bhun an Rialacháin seo na caighdeáin is infheidhme maidir le hiompróirí sonraí, aitheantóirí táirge uathúla agus aitheantóirí oibreora uathúla de bhun Rialachán (AE) 2024/1781.
|
|
Airteagal 23 2
|
2. I gcás nach bhfuil aitheantóir oibreora uathúil ar fáil go fóill, beidh feidhm ag Airteagal 12(2) de Rialachán (AE) 2024/1781 maidir le hoibreoirí eacnamaíocha a chruthaíonn nó a nuashonraíonn pas táirge digiteach faoin Rialachán seo. Aon rialacha agus nósanna imeachta maidir le bainistiú saolré aitheantóirí uathúla agus iompróirí sonraí a leagtar amach i ngníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 12(4) de Rialachán (AE) 2024/1781, beidh feidhm acu freisin maidir le haitheantóirí uathúla agus iompróirí sonraí faoin Rialachán seo.
|
|
Airteagal 23 3
|
3. I gcás ina bhfuil glantach nó dromchlaghníomhaí faoi réir oibleagáide foráil a dhéanamh maidir le pas táirge digiteach faoi ghníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2024/1781 nó faoi dhlí eile de chuid an Aontais, is mar an gcéanna a bheidh an t-aitheantóir táirge uathúil dá dtagraítear in Airteagal 24(2), an chéad fhomhír, den Rialachán seo, an t-aitheantóir oibreora uathúil agus an t-aitheantóir clárúcháin uathúil.
|
|
Airteagal 23 4
|
4. Beidh feidhm freisin chun críocha an Rialacháin seo ag aon nós imeachta chun dintiúir dhigiteacha oibreoirí eacnamaíocha agus gníomhaithe ábhartha eile a eisiúint agus a fhíorú a bhfuil cearta rochtana acu ar shonraí a áirítear sa phas táirge digiteach agus a bhunaítear le gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh de bhun Airteagal 11, an ceathrú fomhír, de Rialachán (AE) 2024/1781.
|
|
Airteagal 23 5
|
5. Beidh feidhm freisin chun críocha an Rialacháin seo ag aon cheanglas nach mór do sholáthraithe seirbhíse pasanna táirge digiteacha a chomhlíonadh chun bheith ina soláthraithe den sórt sin, agus, i gcás inarb iomchuí, chun na seirbhísí sin a sholáthar, a leagtar amach i ngníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 11, an tríú fomhír, de Rialachán (AE) 2024/1781.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 02.03.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32026R0405
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|