2. I gcás nach bhfuil aitheantóir oibreora uathúil ar fáil go fóill, beidh feidhm ag Airteagal 12(2) de Rialachán (AE) 2024/1781 maidir le hoibreoirí eacnamaíocha a chruthaíonn nó a nuashonraíonn pas táirge digiteach faoin Rialachán seo. Aon rialacha agus nósanna imeachta maidir le bainistiú saolré aitheantóirí uathúla agus iompróirí sonraí a leagtar amach i ngníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 12(4) de Rialachán (AE) 2024/1781, beidh feidhm acu freisin maidir le haitheantóirí uathúla agus iompróirí sonraí faoin Rialachán seo.