2. Tráth a dhéanann an t-oibreoir eacnamaíoch na sonraí dá dtagraítear i mír 1 a uaslódáil sa chlárlann, déanfaidh an chlárlann aitheantóir clárúcháin uathúil a bhaineann leis na haitheantóirí arna n-uaslódáil sa chlárlann le haghaidh glantach sonrach nó dromchlaghníomhaí úsáideora deiridh sonrach a chur in iúl go huathoibríoch don oibreoir eacnamaíoch (aitheantóir clárúcháin ’uathúil). Ní mheasfar an chumarsáid sin ón gclárlann a bheith ina cruthúnas ar chomhlíontacht leis an Rialachán seo ná le dlí de chuid an Aontais.
Féadfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme a ghlacadh lena sonrófar na socruithe cur chun feidhme don chlárlann, lena n-áirítear an t-aitheantóir uathúil clárúcháin. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 32(2).