4. Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis na húdaráis faireachais margaidh agus leis na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha gan mhoill agus déanfaidh sé meastóireacht ar na bearta náisiúnta a rinneadh. Ar bhonn thorthaí na meastóireachta sin, glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme lena gcinnfear an bhfuil údar maith leis na bearta náisiúnta agus, i gcás inar gá, molfaidh sé bearta iomchuí. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 32(2).
Díreoidh an Coimisiún a chinneadh ar na Ballstáit uile agus cuirfidh sé in iúl dóibh é agus do na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha láithreach.