3. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 31 lena leasaítear Airteagal 24(1) trína cheangal go ndéanfaí faisnéis bhreise i measc na faisnéise atá liostaithe in Iarscríbhinn VI a stóráil sa chlárlann.
Agus gníomhartha tarmligthe á nglacadh i gcomhréir leis an gcéad fhomhír, cuirfidh an Coimisiún na critéir seo a leanas san áireamh:
|
(a)
|
comhleanúnachas le gníomhartha dlí eile de chuid an Aontais i gcás inarb ábhartha;
|
|
(b)
|
an gá atá ann a fhágáil gur féidir barántúlacht an phas táirge digiteach a fhíorú;
|
|
(c)
|
ábharthacht na faisnéise chun feabhas a chur ar éifeachtúlacht agus ar éifeachtacht na seiceálacha um fhaireachas margaidh agus na rialuithe custaim maidir le glantaigh agus dromchlaghníomhaithe úsáideora deiridh; agus
|
|
(d)
|
an gá atá gan ualach díréireach riaracháin a fhorchur ar oibreoirí eacnamaíocha agus údaráis náisiúnta.
|