+Airteagal 4 Úsáid sonraí príomhúla agus tánaisteacha
---+Airteagal 4 1
---+Airteagal 4 2
---+Airteagal 4 3
---+Airteagal 4 4
---+Airteagal 4 5

Airteagal 4 Úsáid sonraí príomhúla agus tánaisteacha

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 4 1

1.   Tabharfaidh eintitis iompair agus mhoil agus idirghabhálaithe sonraí tosaíocht d’úsáid sonraí príomhúla chun astaíochtaí gás ceaptha teasa ó sheirbhísí iompair a ríomh.

Féadfaidh Ballstát foráil a dhéanamh go mbeidh úsáid sonraí príomhúla éigeantach le haghaidh oibríochtaí iompair ar a chríoch i gcás arna dhéanamh ag an eintitis iompair agus mhoil, ar mó a líon fostaithe ná tairseach shonrach arna leagan síos sa dlí náisiúnta, i gcás ina dtosaíonn agus ina gcríochnaíonn an tseirbhís iompair ar a chríoch. Ní chuirfidh an Ballstát an ceanglas sin i bhfeidhm maidir le hoibríochtaí iompair trasteorann, lena n-áirítear maidir le hoibríochtaí iompair atá ar idirthuras trína chríoch, nó maidir le FBManna.

Airteagal 4 2

2.   Gan dochar do na rialacha maidir le Státchabhair, féadfaidh na Ballstáit dreasachtaí riaracháin, airgeadais nó oibríochtúla a thabhairt isteach chun úsáid sonraí príomhúla a spreagadh.

Airteagal 4 3

3.   Ceadófar sonraí tánaisteacha a úsáid chun astaíochtaí gás ceaptha teasa ó sheirbhís iompair a ríomh faoi na coinníollacha seo a leanas:

(a)

i gcás ina ndíorthaítear luachanna réamhshocraithe le haghaidh déine astaíochtaí gás ceaptha teasa ó na nithe seo a leanas:

(i)

croí-bhunachar sonraí an Aontais de luachanna réamhshocraithe le haghaidh déine astaíochtaí gás ceaptha teasa (croí-bhunachar sonraí de chuid an Aontais), dá dtagraítear in Airteagal 5; nó

(ii)

bunachair sonraí agus tacair sonraí de luachanna réamhshocraithe le haghaidh déine astaíochtaí gás ceaptha teasa arna n-oibriú ag tríú páirtithe i gcomhréir le hAirteagal 6;

(b)

i gcás ina ndíorthaítear luachanna réamhshocraithe le haghaidh fachtóirí astaíochtaí gás ceaptha teasa d’iompróirí fuinnimh iompair ó bhunachar sonraí lárnach an Aontais de luachanna réamhshocraithe le haghaidh fachtóirí astaíochtaí gás ceaptha teasa (‘bunachar sonraí lárnach an Aontais’), dá dtagraítear in Airteagal 7;

(c)

i gcás ina mbraitheann sonraí samhaltaithe ar shamhail arna bunú i gcomhréir leis an modheolaíocht choiteann dá dtagraítear in Airteagal 3(1), agus, i gcás inarb iomchuí, i gcomhréir leis na coinníollacha maidir le húsáid sonraí tánaisteacha a leagtar amach i bpointí (a) agus (b) den mhír seo, agus leis na forálacha maidir le húsáid uirlisí ríomha a leagtar amach in Airteagail 8 agus 11.

I gcomhréir leis an modheolaíocht choiteann, i gcás ina ndéanann eintitis iompair agus mhoil ríomh ex ante ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó sheirbhís iompair ar leith, féadfaidh siad úsáid a bhaint as luachanna réamhshocraithe le haghaidh déine astaíochtaí gás ceaptha teasa arna mbunú ar bhonn sonraí príomhúla ó sheirbhís iompair a bhfuil saintréithe comhchosúla aici arna déanamh ag na heintitis chéanna laistigh den bhliain roimh an ríomh ex ante.

Airteagal 4 4

4.   Nuair a úsáideann eintitis iompair agus mhoil agus idirghabhálaithe sonraí mar shonraí ionchuir na sonraí príomhúla a úsáideadh cheana mar bhonn chun sonraí aschuir a bhunú atá fíoraithe faoi ghníomhartha eile dlí de chuid an Aontais ag comhlacht creidiúnaithe dá dtagraítear in Airteagal 16, ní bheidh gá leis an bhfíorú dá dtagraítear in Airteagal 12(1) chun aghaidh a thabhairt ar fhoinsí na sonraí ionchuir a úsáidtear don ríomh dá dtagraítear in Airteagal 13(2), pointe (b).

Airteagal 4 5

5.   Agus astaíochtaí gás ceaptha teasa ón leictreachas a ídítear á ríomh, féadfaidh eintitis iompair agus mhoil agus idirghabhálaithe sonraí a roghnú an cur chuige margadhbhunaithe a úsáid in ionad na sonraí tánaisteacha suíomhbhunaithe, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach in Iarscríbhinn J a ghabhann leis an gcaighdeán EN ISO.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 12.05.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32026R1030
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.