+Airteagal 14 Comhlachtaí um measúnú comhréireachta
---+Airteagal 14 1
---+Airteagal 14 2
---+Airteagal 14 3
---+Airteagal 14 4
---+Airteagal 14 5
---+Airteagal 14 6
---+Airteagal 14 7

Airteagal 14 Comhlachtaí um measúnú comhréireachta

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 14 1

1.   Beidh comhlachtaí um measúnú comhréireachta creidiúnaithe chun na gníomhaíochtaí deimhniúcháin nó fíorúcháin dá dtagraítear in Airteagail 11, 12 agus 13 a dhéanamh.

Airteagal 14 2

2.   Beidh an comhlacht um measúnú comhréireachta neamhspleách ar eintitis iompair agus mhoil agus ar idirghabhálaithe sonraí a dhéanann iarratas ar na gníomhaíochtaí deimhniúcháin nó fíorúcháin dá dtagraítear in Airteagail 11, 12 agus 13.

Airteagal 14 3

3.   An comhlacht um measúnú comhréireachta, lucht a ardbhainistíochta agus an pearsanra atá freagrach as na gníomhaíochtaí deimhniúcháin nó fíorúcháin a dhéanamh, ní rachaidh siad i mbun aon ghníomhaíochta a d’fhéadfadh a bheith i gcoinbhleacht lena neamhspleáchas breithiúnais nó lena n-ionracas i ndáil le gníomhaíochtaí deimhniúcháin nó fíorúcháin.

Airteagal 14 4

4.   Déanfaidh an comhlacht um measúnú comhréireachta agus a phearsanra na gníomhaíochtaí deimhniúcháin nó fíorúcháin leis an ard-ionracas gairmiúil agus leis an inniúlacht theicniúil a bhíonn riachtanach agus beidh siad saor ó gach brú agus mealladh, go háirithe ó thaobh airgid de, a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar a mbreithiúnas nó ar thorthaí na ngníomhaíochtaí sin, go háirithe brú agus mealladh ó dhaoine nó grúpaí daoine a bhfuil leas acu i dtorthaí na ngníomhaíochtaí sin.

Airteagal 14 5

5.   Beidh an saineolas, trealamh agus bonneagar is gá ag an gcomhlacht um measúnú comhréireachta chun na gníomhaíochtaí deimhniúcháin nó fíorúcháin a bhfuil sé creidiúnaithe ina leith a dhéanamh.

Airteagal 14 6

6.   Déanfaidh pearsanra comhlachta um measúnú comhréireachta rúndacht ghairmiúil a urramú maidir leis an bhfaisnéis uile a fhaightear agus na gníomhaíochtaí deimhniúcháin nó fíorúcháin á ndéanamh aige.

Airteagal 14 7

7.   I gcás ina ndéanfaidh comhlacht um measúnú comhréireachta gníomhaíochtaí sonracha a bhfuil nasc acu le deimhniú nó fíorú a ligean ar fochonradh, nó ina rachaidh sé ar iontaoibh fochuideachta, glacfaidh sé freagracht iomlán as na gníomhaíochtaí a dhéanfaidh na fochonraitheoirí agus na fochuideachtaí cibé áit a ndéantar na gníomhaíochtaí sin, lena n-áirítear trí mheasúnú agus faireachán a dhéanamh ar cháilíochtaí an fhochonraitheora nó na fochuideachta agus ar an obair a dhéanfaidh siad.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 12.05.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32026R1030
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.